Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Lúnasa
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Aoine, 6 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
<< | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí Lúnasa |
>> | ||||
Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
1 | 2 | 3 | ||||
4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 |
11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 |
18 | 19 | 20 | 21 | 22 | 23 | 24 |
25 | 26 | 27 | 28 | 29 | 30 | 31 |
Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2024 |
Is é an 1 Lúnasa an 213ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 214ú lá i mbliain bhisigh. Tá 152 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Lúnasa i measc na nGael.
- 1714 – Cailleadh Áine na Breataine Móire, 49, banríon (r. 1665)
- 1800 – Cur i bhfeidhm an Achta Aontais a chruthaigh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
- 1833 – Chuir an Bhreatain deireadh le sclábhaíocht
- 1910 – Rugadh Eero Saarinen, ailtire Fionlannach (b. 1961)
- 1931 – Rugadh Seán Ó Riada, cumadóir ceoil (b. 1971)
- 1944 – Chuir Arm na Polainne tús le feachtas chun cathair Vársá a fháil ar ais ó na Naitsithe
- 1964 – Rugadh Kaspar Capparoni, aisteoir Iodálach
- 1981 – Thosaigh MTV ag craoladh
- 1981 – Rugadh Stephen Hunt, imreoir sacair
- 2007 – Cailleadh Tommy Makem, 74, ceoltóir Éireannach (r. 1932)
- 2009 – Cailleadh Corazon Aquino, 11ú huachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach (r. 1933)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Lúnasa an 214ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 215ú lá i mbliain bhisigh. Tá 151 lá fágtha sa bhliain.
- 1100 – Cailleadh Liam II, 63 nó 64, rí Shasana (r. 1056)
- 1876 – Cailleadh Wild Bill Hickok, 39, carachtar cáiliúl Meiriceánach (r. 1837)
- 1914 – Cailleadh John Philip Holland, innealtóir (r. 1840)
- 1922 – Cailleadh Alexander Graham Bell, 75, múinteoir, eolaí agus aireagóir Albanach (r. 1847)
- 1923 – Cailleadh Warren G. Harding, 57, 29ú huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (r. 1865)
- 1932 – Rugadh Peter O'Toole, aisteoir Sasanach
- 1971 – Rugadh Daithí Mac Gearailt, iománaí
- 1980 – Maraíodh 75 duine nuair a phléasc buama ollmhór ag stáisiún traenach Bologna san Iodáil
- 1990 – Rinne an Iaráic ionradh ar Chuáit
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Lúnasa an 215ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 216ú lá i mbliain bhisigh. Tá 150 lá fágtha sa bhliain.
- 1867 – Rugadh Stanley Baldwin, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (b. 1947)
- 1916 – Cailleadh Ruairí Mac Easmainn, 51, taidhleoir agus réabhlóidí (r. 1864)
- 1924 – Cailleadh Joseph Conrad, 66, úrscéalaí (r. 1857)
- 1938 – Rugadh Terry Wogan, craoltóir (b. 2016)
- 1940 – Rugadh Martin Sheen, aisteoir Meiriceánach
- 1945 – Rugadh Eamonn Dunphy, iar-imreoir sacair agus pearsa teilifíse
- 1963 – Chas an banna ceoil The Beatles don uair dheiridh sa Cavern Club i Learpholl
- 2001 – Phléasc an RIRA buama in Ealing, i Londain. Gortaíodh seachtar
- 2004 – Cailleadh Henri Cartier-Bresson, 95, grianghrafadóir Francach (r. 1908)
- 2008 – Cailleadh Aleksandr Solzhenitsyn, 89, scríbhneoir agus staraí Rúiseach (r. 1918)
- 2020 – Cailleadh John Hume, 83, polaiteoir agus duine de mhórcheannairí an phróisis síochána i dTuaisceart Éireann (r. 1937)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Lúnasa an 216ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 217ú lá i mbliain bhisigh. Tá 149 lá fágtha sa bhliain.
- 1805 – Rugadh William Rowan Hamilton, eolaí (b. 1865)
- 1859 – Rugadh Knut Hamsun, scríbhneoir (b. 1952)
- 1875 – Cailleadh Hans Christian Andersen, 70, údar agus file Danmhairge (r. 1805)
- 1904 – Rugadh Witold Gombrowicz, scríbhneoir (b. 1969)
- 1927 – Cailleadh John Dillon, 76, polaiteoir náisiúnach Éireannach (r. 1851)
- 1952 – Rugadh Moya Brennan, ceoltóir Éireannach
- 1959 – Rugadh John Gormley, polaiteoir Éireannach
- 1960 – Rugadh José Luis Rodríguez Zapatero, polaiteoir Spáinneach
- 1961 – Rugadh Barack Obama, polaiteoir agus uachtarán na Stát Aontaithe
- 1964 – Sa Dara Cogadh Ind-Síneach, mhaigh rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh Vítneam Thuaidh den dara huair long de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe i Murascaill Tonkin
- 1964 – Tháinig gníomhairí ón FBI ar chorpáin an triúr oibrithe cearta sibhialta a bhí ar iarraidh i Mississippi
- 1987 – Mhaígh dúnmharfóir na Moors gurb é a ba chiontach le 5 dúnmharú eile
- 2000 – Cailleadh Gustaw Herling-Grudziński, 81, scríbhneoir Polannach (r. 1919)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Lúnasa an 217ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 218ú lá i mbliain bhisigh. Tá 148 lá fágtha sa bhliain.
- 1895 – Cailleadh Friedrich Engels, 74, fealsamh agus réabhlóidí Gearmánach (r. 1820)
- 1930 – Rugadh Neil Armstrong, spásaire Meiriceánach agus an chéad duine a shiúil dromchla na Gealaí
- 1934 – Rugadh Gay Byrne, láithreoir teilifíse
- 1950 – Cailleadh Emil Abderhalden, 73, bithcheimiceoir agus fiseolaí Eilvéiseach (r. 1877)
- 1962 – Cailleadh Marilyn Monroe, 36, aisteoir Meiriceánach (r. 1926)
- 1971 – Cailleadh Pádraig Óg Ó Conaire, scríbhneoir (r. 1893)
- 1973 – Maraíodh triúr agus gortáiodh 55 duine eile nuair a scaoil beirt ghunnadóirí Arabacha urchair le daoine ina suí i mbeár ag Aerfort Aithin
- 1983 – Gearradh 4,000 bliain de théarma príosúin ar 22 ball den tIRA tar éis ceann de na trialacha is mó i stair Thuaisceart Éireann
- 2001 – Cailleadh Aaron Flahavan, 25, imreoir sacair (r. 1975)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Lúnasa an 218ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 219ú lá i mbliain bhisigh. Tá 147 lá fágtha sa bhliain.
- 1660 – Cailleadh Diego Velázquez, 61, péintéir (r. 1599)
- 1775 – Rugadh Dónall Ó Conaill, tírghráthóir, polaiteoir (b. 1847)
- 1928 – Rugadh Andy Warhol, ealaíontóir (b. 1987)
- 1945 – Scaoil na Stáit Aontaithe buama adamhach ar chathair Hiroshima sa tSeapáin
- 1968 – Rugadh Jens Seipenbusch, polaiteoir Gearmánach
- 1971 – Rugadh Conor McPherson, drámadóir
- 1971 – Sheol fear amháin timpeall an domhain an bealach mícheart, soir go siar in aghaidh na gaoithe agus an tsrutha
- 1973 – Cailleadh Fulgencio Batista, 72, uachtarán agus deachtóir Chúba (r. 1901)
- 1978 – Cailleadh Pápa Pól VI, 80, pápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1963 agus 1978 (r. 1897)
- 2002 – Cailleadh Edsger Dijkstra, 72, ríomheolaí (r. 1930)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Lúnasa an 219ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 220ú lá i mbliain bhisigh. Tá 146 lá fágtha sa bhliain.
- 1106 – Cailleadh Anraí IV, Impire Naofa Rómhánach (r. 1050)
- 1911 – Rugadh Nicholas Ray, stiúrthóir scannáin, (b. 1979)
- 1941 – Cailleadh Rabindranath Tagore, scríbhneoir agus péintéir Indiach (r. 1861)
- 1960 – Rugadh David Duchovny, aisteoir Meiriceánach
- 1960 – Bhain an Cósta Eabhair neamhspleáchas amach ón Fhrainc
- 1966 – Rugadh Jimmy Wales, bunaitheoir na Vicipéide
- 1972 – Thug ceannaire Uganda, Idi Amin, 90 lá do mhuintir na hAise an tír sin a fhágáil
- 1982 – Rugadh Abbie Cornish, aisteoir
- 1998 – Maraíodh os cionn 200 duine nuair a phléasc buamaí ag ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Lúnasa an 220ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 221ú lá i mbliain bhisigh. Tá 145 lá fágtha sa bhliain.
- 1694 – Rugadh Francis Hutcheson, fealsamh Éireannach (b. 1746)
- 1879 – Rugadh Emiliano Zapata, réabhlóidí Meicsiceach (b. 1919)
- 1898 – Cailleadh Eugène Boudin, péintéir Francach (r. 1824)
- 1908 – Rugadh Harold Holt, 17ú príomh-aire na hAstráile (b. 1967)
- 1930 – Rugadh Andy Warhol, péintéir
- 1937 – Rugadh Dustin Hoffman, aisteoir
- 2004 – Cailleadh Fay Wray, 96, banaisteoir (r. 1907)
- 2008 – Osclaíodh Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh, 2008 i mBéising
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Lúnasa an 221ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 222ú lá i mbliain bhisigh. Tá 144 lá fágtha sa bhliain.
- 1776 – Rugadh Amadeo Avogadro, scoláire Iodálach (b. 1856)
- 1919 – Cailleadh Ernst Haeckel, 85, bitheolaí, nádúraí, agus fealsamh Gearmánach (r. 1834)
- 1939 – Rugadh Romano Prodi, polaiteoir Iodálach
- 1945 – Scaoil fórsaí Mheiriceá an dara buama adamhach ar an tSeapáin i Nagasaki
- 1961 – Rugadh John Key, 38ú príomh-aire na Nua-Shéalainne
- 1963 – Rugadh Whitney Houston, amhránaí Meiriceánach
- 1965 – Bhain Singeapór a neamhspleáchas amach ón Mhalaeisia
- 1971 – Tugadh isteach imtheorannú i dTuaisceart Éireann
- 1975 – Cailleadh Dmitri Shostakovich, 68, cumadóir ceoil
- 1977 – Rugadh Mikael Silvestre, imreoir sacair ón Fhrainc
- 1996 – Cailleadh Frank Whittle, 89, innealtóir Sasanach (r. 1907)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Lúnasa an 222ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra, nó an 223ú lá i mbliain bhisigh. Tá 143 lá fágtha sa bhliain.
- 1890 – Cailleadh John Boyle O'Reilly, file, úrscéalaí agus réabhlóidí (r. 1844)
- 1915 – Cailleadh Henry Moseley, fisiceoir Sasanach (r. 1887)
- 1928 – Rugadh Peadar de Barra, polaiteoir Éireannach
- 1964 – Chuir na Náisiúin Aontaithe sos cogaidh i bhfeidhm sa Chipir
- 1971 – Rugadh Roy Keane, imreoir agus bainisteoir sacair
- 1975 – Cailleadh Riobárd Bartún, dlíodóir agus státaire Éireannach (r. 1881)
- 1977 – Bhí dianshlándáil i bhfeidhm nuair a thug an Bhanríon Eilís cuairt ar Thuaisceart Éireann
- 1985 – Rugadh Roy O'Donovan, imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Lúnasa an 223ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 224ú lá i mbliain bhisigh. Tá 142 lá fágtha sa bhliain.
- 1894 – Rugadh Dónall Ó Braoin, Teachta Dála (b. 1969)
- 1897 – Rugadh Enid Blyton, scríbhneoir (b. 1968)
- 1905 – Rugadh Kurt Gerstein, oifigeach de chuid an SS (b. 1945)
- 1943 – Rugadh Pervez Musharraf, uachtarán na Pacastáine
- 1960 – Fógraíodh neamhspleáchas Shead ón Fhrainc
- 1982 – Scaoileadh amach as an bpríosún na Krays chun freastal ar shochraid a máthar
- 1990 – D'éirigh le 40 as an mBreatain agus cúigear as Éireann a bhí sáinnithe sa Chuáit de bharr ionradh na hIaráice éalú
- 1994 – Cailleadh Peter Cushing, aisteoir Sasanach (r. 1913)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Lúnasa an 224ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 225ú lá i mbliain bhisigh. Tá 141 lá fágtha sa bhliain.
- 1762 – Rugadh Seoirse IV, rí na Ríochta Aontaithe (b. 1830)
- 1786 – Cailleadh Friedrich II, rí na Prúise (r.1712)
- 1887 – Rugadh Erwin Schrödinger, fisiceoir ón Ostair (b. 1961)
- 1908 – D'eisigh Henry Ford an chéad Model T
- 1918 – Cailleadh Nioclás II, Sár deireanach na Rúise (r. 1868)
- 1922 – Cailleadh Art Ó Gríofa, 50, bunaitheoir Sinn Féin (r. 1871)
- 1955 – Cailleadh Thomas Mann, scríbhneoir Gearmánach (r. 1875)
- 1964 – Cailleadh Ian Fleming, iriseoir agus údar (r. 1908)
- 1969 – Bhain an Chonstáblacht Ríoga Uladh úsáid as deorghás don chéad uair chun dul i ngleic le círéibeacha i nDoire
- 1985 – Maraíodh na céadta daoine i dtimpiste eitleáin a tharla sna sléibhte iargúlta suite 70 míle amach ó Tóiceo na Seapáine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Lúnasa an 225ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 226ú lá i mbliain bhisigh. Tá 140 lá fágtha sa bhliain.
- 1899 – Rugadh Alfred Hitchcock, stiúrthóir Sasanach/Meiriceánach (b. 1980)
- 1910 – Cailleadh Florence Nightingale, banaltra (r. 1820)
- 1918 – Rugadh Georges Laplace, réamhstaraí (b. 2004)
- 1926 – Rugadh Fidel Castro, uachtarán ar Chúba 1961-2008
- 1946 – Cailleadh H. G. Wells, scríbhneoir Sasanach (r. 1866)
- 1971 – Rugadh Moritz Bleibtreu, aisteoir
- 1974 – Cailleadh Cáit Ní Bhriain, 76, úrscéalaí (r. 1897)
- 1985 – Cuireadh obráid trasphlandú croí agus scamhóg ar bhuachaill óg 3 bliain d'aois as Baile Átha Cliath
- 2008 – Cailleadh Nollaig Ó Gadhra, 64, iriseoir agus léachtóir (r. 1943)
- 2009 – Cailleadh Les Paul, giotáraí agus ceapadóir (r. 1915)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Lúnasa an 226ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 227ú lá i mbliain bhisigh. Tá 139 lá fágtha sa bhliain.
- 1771 – Rugadh Walter Scott, úrscéalaí stairiúil agus file (b. 1832)
- 1777 – Rugadh Hans Christian Ørsted, fisiceoir agus ceimiceoir (b. 1851)
- 1904 – Rugadh Léon Rosenfeld, fisiceoir Beilgeach (b. 1974)
- 1945 – Rugadh Steve Martin, aisteoir agus fuirseoir
- 1956 – Cailleadh Bertold Brecht, scríbhneoir (r. 1898)
- 1962 – Rugadh Dan Boyle, polaiteoir Éireannach
- 1966 – Rugadh Halle Berry, aisteoir Meiriceánach
- 2001 – Bunaíodh an AK Parti sa Tuirc
- 2004 – Cailleadh Czesław Miłosz, scríbhneoir aistí agus file Polannach (r. 1911)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Lúnasa an 227ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 228ú lá i mbliain bhisigh. Tá 138 lá fágtha sa bhliain.
- 1369 – Cailleadh Philippa de Hainault, bean chéile Éadbhard III (r. 1311)
- 1769 – Rugadh Napoléon Bonaparte, impire na Fraince (b. 1821)
- 1917 – Rugadh Seán Ó Loingsigh, 4ú Taoiseach na hÉireann (b. 1999)
- 1965 – Maraíodh 28 duine agus gortaíodh na céadta eile tar éis do chíréib briseadh amach i Los Angeles
- 1982 – Rugadh Rory Best, imreoir rugbaí
- 1992 – Cailleadh Giorgio Perlasca, fear gnó Iodálach (r. 1910)
- 1998 – Phléasc buama i gcarr ar an Ómaigh, Contae Thír Eoghain; maraíodh 31, beirt leanbh gan saolú ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile
- 2006 – Cailleadh Alfredo Stroessner, deachtóir Pharagua (r. 1912)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Lúnasa an 228ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 229ú lá i mbliain bhisigh. Tá 137 lá fágtha sa bhliain.
- 1911 – Rugadh Ernst Friedrich Schumacher, eacnamaí (b. 1977)
- 1939 – Rugadh Seán Mac Brádaigh, ardeaspag Ard Mhacha
- 1958 – Rugadh Madonna, amhránaí
- 1960 – Bhain an Chipir a neamhspleáchas amach ón RA
- 1977 – Cailleadh Elvis Presley, 42, ceoltóir popcheoil agus rac-cheoil (r. 1935)
- 1981 – Rugadh Roque Santa Cruz, imreoir sacair
- 2001 – Cúisíodh iarbhuitléir Bhanphrionsa Diana de bharr na céadta earraí a goideadh óna teach
- 2008 – Cailleadh Ronnie Drew, 74, amhránaí agus ceoltóir Éireannach (r. 1934)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Lúnasa an 229ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 230ú lá i mbliain bhisigh. Tá 136 lá fágtha sa bhliain.
- 1786 – Cailleadh Friedrich II, rí na Prúise (r.1712)
- 1798 – Rugadh Thomas Hodgkin, paiteolaí (b.1866)
- 1878 – Rugadh Oliver St. John Gogarty, scríbhneoir, lúthchleasaí agus polaiteoir Éireannach (b.1957)
- 1920 – Rugadh Maureen O'Hara, aisteoir Éireannach
- 1943 – Rugadh Robert De Niro, aisteoir Meiriceánach
- 1944 – Rugadh Larry Ellison, comhbhunaitheoir Oracle
- 1953 – Rugadh Herta Müller, scríbhneoir i nGearmáinis, sa Rómáin
- 1977 – Rugadh William Gallas, imreoir sacair Francach
- 1977 – Rugadh Thierry Henry, imreoir sacair Francach
- 1998 – D'admhaigh Bill Clinton go raibh caidreamh aige le Monica Lewinsky
- 1999 – Bhásaigh os cionn 1,000 duine i gcrith talún sa Tuirc
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Lúnasa an 230ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 231ú lá i mbliain bhisigh. Tá 135 lá fágtha sa bhliain.
- 1227 – Cailleadh Geingeas Cán (r. ~1162)
- 1850 – Cailleadh Honoré de Balzac, scríbhneoir Francach (r. 1799)
- 1870 – Rugadh Lavr Kornilov, ginearál Rúiseach (b. 1918)
- 1920 – Rugadh Shelley Winters, aisteoir Meiriceánach (b. 2006)
- 1964 – Cuireadh cosc ar an Afraic Theas páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo de bharr nár cháin siad apairtéid
- 1971 – Mharaigh Arm na Breataine fear le míchumas nach raibh armtha i dTuaisceart Éireann
- 1992 – Cailleadh Christopher McCandless, iarchéimí Meiriceánach (r. 1968)
- 1992 – Thug fear a fiosrú campaí príosúin sa tSeirbia le fios go raibh na coinníollacha uafásach
- 1994 – Cailleadh Martin Cahill, coirpeach mí-chlúiteach (r. 1949)
- 2004 – Cailleadh Elmer Bernstein, cumadóir Meiriceánach (r. 1922)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Lúnasa an 231ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 232ú lá i mbliain bhisigh. Tá 134 lá fágtha sa bhliain.
- 1662 – Cailleadh Blaise Pascal, 39, matamaiticeoir agus fealsamh (r. 1623)
- 1871 – Rugadh Orville Wright, ceannródaí eitlíochta (b. 1948)
- 1887 – Rugadh Francis Ledwidge, file (b. 1917)
- 1930 – Rugadh Frank McCourt, scríbhneoir Éireannach (b. 2009)
- 1936 – Cailleadh Federico García Lorca, file Spáinneach (r. 1898)
- 1946 – Rugadh Bill Clinton, 42ú Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá
- 1960 – Gearradh téarma príosúin 10 bliain ar phíolóta ó na Stát Aontaithe i gcúirt mhíleata Soivéideach
- 1977 – Cailleadh Groucho Marx, 86, fuirseoir (r. 1890)
- 1987 – Mharaigh fear gunna 14 duine i mbaile Hungerford, Sasana
- 1991 – Díbríodh Míchail Gorbaitsov as cumhacht le linn coup san Aontas Sóivéadach
- 2005 – Cailleadh Mo Mowlam, polaiteoir Briotanach (r. 1949)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Lúnasa an 232ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 233ú lá i mbliain bhisigh. Tá 133 lá fágtha sa bhliain.
- 1833 – Rugadh Benjamin Harrison, 23ú uachtarán na Stát Aontaithe (b. 1901)
- 1873 – Rugadh Eliel Saarinen, ailtire Fionlannach (b. 1950)
- 1890 – Rugadh H. P. Lovecraft, scríbhneoir Meiriceánach (b. 1937)
- 1910 – Rugadh Eero Saarinen, ailtire (b. 1961)
- 1914 – Cailleadh Pius X, pápa (r. 1883)
- 1928 – Rugadh Jean-Marie Le Pen, polaiteoir Francach
- 1935 – Rugadh Ron Paul, polaiteoir Meiriceánach
- 1941 – Rugadh Slobodan Milošević, polaiteoir Iúgslavach/Seirbiach (b. 2006)
- 1948 – Rugadh Robert Plant, amhránaí
- 1949 – Rugadh Phil Lynott, ceoltóir Éireannach (b. 1986)
- 2008 – Maraíodh 153 duine agus gortaíodh 19 i dtimpiste eitleáin i Maidrid
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Lúnasa an 233ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 234ú lá i mbliain bhisigh. Tá 132 lá fágtha sa bhliain.
- 1693 – Cailleadh Pádraig Sairséal, 33, Ceannfort Arm na hÉireann le linn Léigear Luimnigh (b. 1660)
- 1765 – Rugadh Liam IV, rí na Ríochta Aontaithe (b. 1837)
- 1911 – Goideadh péintéireacht cháiliúil de chuid Leonardo da Vinci, an Mona Lisa, ó iarsmalann an Louvre, i bPáras
- 1921 – Rugadh Brian Moore, úrscéalaí Éireannach (b. 1999)
- 1940 – Cailleadh Leon Trotscaí, polaiteoir as an Rúis (b. 1879)
- 1952 – Rugadh Joe Strummer, cumadóir agus amhránaí Sasanach (b. 2002)
- 1956 – Rugadh Jon Tester, polaiteoir Meiriceánach
- 1970 – Bunaíodh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (an "SDLP" as Béarla) agus Gerry Fitt ina cheannaire air
- 1973 – Chuir an cróinéir ag Ionchoisne Dhomhnach na Fola go marú a bhí ar intinn ag Arm na Breataine an lá sin
- 1986 – Rugadh Usain Bolt, luthchleasaí Iamácach
- 1986 – Sa Chamarún maraíodh 1,200 duine de bharr gás bolcánach a sceith ó loch sa tír
- 2001 – Cailleadh Seán Ó Céirín, peileadóir (b. 1962)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Lúnasa an 234ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 235ú lá i mbliain bhisigh. Tá 131 lá fágtha sa bhliain.
- 1760 – Rugadh Pápa Leo XII, pápa ar an Eaglais Chaitliceach (b. 1829)
- 1882 – Cailleadh Charles J. Kickham, scríbhneoir agus réabhlóidí (b. 1828)
- 1889 – Rugadh Seán Mac an tSaoi, polaiteoir Éireannach agus 5ú Tánaiste (b. 1984)
- 1908 – Rugadh Henri Cartier-Bresson, grianghrafadóir Francach (b. 2004)
- 1922 – Cailleadh Mícheál Ó Coileáin (Michael Collins), ceannaire réabhlóideach (r. 1890)
- 1928 – Rugadh Karlheinz Stockhausen, cumadóir Gearmánach (b. 2007)
- 1952 – Bunaíodh Léig na nArabach
- 1967 – Rugadh Adewale Akinnuoye-Agbaje, aisteoir
- 2000 – Cailleadh Abülfaz Elçibay, polaiteoir Asarbaiseánach agus iar-easaontóir Sóivéadach (r. 1938)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Lúnasa an 235ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 236ú lá i mbliain bhisigh. Tá 130 lá fágtha sa bhliain.
- 1740 – Rugadh Ivan VI na Rúise, impire na Rúise (b. 1764)
- 1754 – Rugadh Louis XVI, rí na Fraince (b. 1793)
- 1825 – Cailleadh Michael Dwyer, náisiúnaí Éireannach (r. 1772)
- 1912 – Rugadh Teuvo Tulio, stiúrthóir Fionlannach (b. 2000)
- 1914 – D'fhógair an tSeapáin cogadh ar an nGearmáin sa Chéad Choghadh Domhanda
- 1923 – Rugadh Edgar F. Codd, ríomheolaí Briotanach (b. 2003)
- 1947 – Rugadh Keith Moon, drumadóir leis an rac-bhanna The Who (b. 1978)
- 1989 – Cailleadh Ronald D. Laing, síciatraí Briotanach (r. 1927)
- 2005 – Cumadh Hairicín Katrina i Mhurascaill Mheicsiceo
- 2005 – Dhíbir fórsaí Iosrael míleataí ó Stráice Gaza agus ón mBruach Thiar
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Lúnasa an 236ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 237ú lá i mbliain bhisigh. Tá 129 lá fágtha sa bhliain.
- 79 – Scriosadh na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum nuair a phléasc an Veasúiv
- 1899 – Rugadh Jorge Luis Borges, scríbhneoir (b. 1986)
- 1929 – Rugadh Iasar Arafat, Uachtarán ar an Údarás Phalaistíneach (b. 2004)
- 1957 – Rugadh Stephen Fry, fuirseoir agus láithreoir teilifíse
- 1981 – Gearradh téarma príosún saoil ar Mark David Chapman as John Lennon a dhúnmharú i mí na Nollag
- 1988 – Rugadh Rupert Grint, aisteoir
- 1990 – Scaoileadh saor Brian Keenan i mBéiriút tar éis cheithre bliana a bheith caite aige in aghaidh a thola sa Liobáin
- 1990 – Cailleadh Sergey Dovlatov, scríbhneoir Rúiseach (r. 1941)
- 1991 – Bhain an Úcráin neamhspleáchas amach ón APSS
- 1995 – Lainseáil Microsoft an córas oibriúcháin Windows 95 ar an margadh
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Lúnasa an 237ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 238ú lá i mbliain bhisigh. Tá 128 lá fágtha sa bhliain.
- 1767 – Rugadh Louis Antoine Léon de Saint-Just, réabhlóidí (b. 1794)
- 1845 – Rugadh Ludwig II, rí na Bavária (b. 1886)
- 1865 – Rugadh Robert Lloyd Praeger, eolaí agus staraí Éireannach (b. 1953)
- 1882 – Rugadh Seán T. Ó Ceallaigh, polaiteoir Éireannach (b. 1966)
- 1900 – Cailleadh Friedrich Nietzsche, fealsamh Gearmánach (r. 1844)
- 1911 – Rugadh André Leroi-Gourhan, eitneolaí agus staraí (b. 1986)
- 1921 – Rugadh Brian Moore, úrscéalaí (b. 1999)
- 1944 – Dhíbir na comhghuaillithe na Gearmánaigh amach as príomhchahthair na Fraince
- 1949 – Rugadh Gene Simmons, ceoltóir Meiriceánach
- 1968 – Rugadh Stuart Murdoch, ceoltóir Albanach
- 1970 – Rugadh Claudia Schiffer, mainicín Gearmánach
- 1975 – Rugadh Vladimir Kramnik, imreoir fichille
- 1984 – Cailleadh Truman Capote, scríbhneoir Meiriceánach (r. 1924)
- 1991 – D'fhógair an Bhealarúis neamhspleáchas ó An tAontas Sóivéadach
- 2003 – Maraíodh 44 duine agus gortaíodh 150 eile nuair a phléasc dhá bhuama i gcathair Mumbai san India
- 2009 – Cailleadh Ted Kennedy, polaiteoir Meiriceánach (r. 1932)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Lúnasa an 238ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 239ú lá i mbliain bhisigh. Tá 127 lá fágtha sa bhliain.
- 1676 – Rugadh Robert Walpole, céad Phríomh-Aire (de facto) na Breataine (b. 1745)
- 1723 – Cailleadh Antonie van Leeuwenhoek, eolaí (r. 1632)
- 1743 – Rugadh Antoine Lavoisier, ceimiceoir (b. 1794)
- 1910 – Rugadh Agnes Gonxha Bojaxhiu (Máthair Treasa), bean rialta Chaitliceach (b. 1997)
- 1962 – D'fhill máthair, a raibh ceathrar clainne uirthi, abhaile go dtí na Stáit Aontaithe tar éis di ginmhilleadh a fháil sa tSualainn
- 1975 – Theip ar na cainteanna síochána idir Rialtas na Róidéise agus an ANC
- 1979 – Cailleadh Mika Waltari, scríbhneoir (r. 1908)
- 1994 – Cuireadh croí a bhí á rith ar chadhnra isteach i gcorp fir sa Bhreatain. An chéad obráid dá leithéid
- 2005 – Cailleadh Gerry Fitt, polaiteoir Éireannach (r. 1926)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Lúnasa an 239ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 240ú lá i mbliain bhisigh. Tá 126 lá fágtha sa bhliain.
- 1884 – Rugadh Vincent Auriol, 16ú uachtarán na Fraince (b. 1966)
- 1908 – Rugadh Lyndon B. Johnson, 36ú uachtarán na Stát Aontaithe (b. 1973)
- 1928 – Rugadh Mangosuthu Buthelezi, polaiteoir
- 1967 – Cailleadh Brian Epstein, bainisteoir na Beatles (r. 1934)
- 1976 – Rugadh Mark Webber, tiománaí Foirmle a hAon ón Astráil
- 1979 – Mharaigh buama de chuid an tIRA an Tiarna Louis Mountbatten agus é ar a bhád i n-aice leis an Mullach Mór i gCo. Sligigh
- 1984 – Rugadh David Bentley, imreoir sacair
- 1990 – Cailleadh Stevie Ray Vaughan, giotáraí Meiriceánach (r. 1954)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Lúnasa an 240ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 241ú lá i mbliain bhisigh. Tá 125 lá fágtha sa bhliain.
- 430 – Cailleadh Naomh Agaistín, Agaistín Hippo nó Aurelius Augustinus (r. 354)
- 1749 – Rugadh Johann Wolfgang von Goethe, scríbhneoir Gearmánach (b. 1832)
- 1896 – Rugadh Arthur Calwell, polaiteoir Astrálach (b. 1973)
- 1896 – Rugadh Liam Ó Flaithbheartaigh, scríbhneoir (b. 1984)
- 1938 – Rugadh Paul Martin, Príomh-Aire Cheanada
- 1963 – Thug Martin Luther King a óráid cáiliúil "I Have A Dream" le linn máirseála ar chearta sibialta i Washington, D.C.
- 1965 – Rugadh Shania Twain, ceoltóir Ceanadach
- 1969 – Rugadh Jack Black, aisteoir agus ceoltóir
- 1996 – Tháinig deireadh le pósadh 15 bliain an Prionsa Séarlas agus an banphrionsa Diana
- 2005 – D'ordaigh méara Louisiana aslonnú éigeandala agus Spéirling Katrina ag teannadh ar cheantar New Orleans
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Lúnasa an 241ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 242ú lá i mbliain bhisigh. Tá 124 lá fágtha sa bhliain.
- 1632 – Rugadh John Locke, fealsamh Sasanach (b. 1704)
- 1844 – Cailleadh Éamann Iognáid Rís, bunaitheoir na mBráithre Críostaí. (r.1762)
- 1871 – Rugadh Jack Butler Yeats, ealaíontóir Éireannach (b. 1957)
- 1890 – D'osclaiodh an Leabharlann Naisiunta i mBaile Átha Cliath
- 1930 – Rugadh Mícheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire raidió agus teilifíse
- 1936 – Rugadh John McCain, polaiteoir agus iar-shaighdiúir Meiriceánach
- 1950 – Rugadh Dick Spring, 11ú Tánaiste na hÉireann
- 1958 – Rugadh Michael Jackson, ceoltóir agus cumadóir amhráin (b. 2009)
- 1975 – Cailleadh Eamon de Valera, tríú Uachtarán na hÉireann (r.1882)
- 1992 – Bhris foréigean amach le linn léirsiú frithchiníochas sa Ghearmáin
- 2005 – Scrios Spéirling Katrina an cósta idir Louisiana agus Florida. Maraíodh 1,836 duine agus déanadh damáiste luach 115 billiún dollar
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Lúnasa an 242ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 243ú lá i mbliain bhisigh. Tá 123 lá fágtha sa bhliain.
- 1797 – Rugadh Mary Shelley, scríbhneoir (b. 1851)
- 1748 – Rugadh Jacques-Louis David, péintéir Francach (b. 1825)
- 1958 – Rugadh Anna Politkovskaya, iriseoir agus gníomhaí Rúiseach (b. 2006)
- 1972 – Rugadh Cameron Diaz, aisteoir Meiriceánach
- 1982 – Cuireadh iallach ar an cheannaire an PLO a cheannáras i mBéiriút a fhágáil
- 1991 – D'fhógair Asarbaiseáin neamhspleáchas
- 2001 – Cuireadh cúis cinedhíothaithe in aghaidh iar-Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milošević
- 2003 – Cailleadh Charles Bronson, aisteoir (r. 1921)
- 2007 – Cailleadh Tom Munnelly, bailitheoir cumasach amhrán traidisiúnta (r. 1944)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Lúnasa an 243ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 244ú lá i mbliain bhisigh. Tá 122 lá fágtha sa bhliain.
- 12 – Rugadh Caligula, Impire Rómhánach (b. 41)
- 1422 – Cailleadh Anraí V, Rí Shasana (r. 1387)
- 1867 – Cailleadh Charles Baudelaire, file Francach (r. 1821)
- 1938 – Shínigh Adolf Hitler ordú chun ionsaigh a dhéanamh ar an bPolainn
- 1969 – Cailleadh Rocky Marciano, dornálaí (r. 1923)
- 1971 – Rugadh Pádraig Harrington, galfaire Éireannach
- 1971 – Rugadh Mario Rosenstock, aisteoir agus fuirseoir
- 1982 – Rugadh José Manuel Reina Páez, imreoir sacair
- 1986 – Cailleadh Urho Kekkonen, Uachtarán ar an bhFionlainn (r. 1900)
- 1994 – D'fhógair an tIRA go raibh sos cogaidh iomláin á chur i bhfeidhm acu tar éis 25 bliain d'fhoréigean
- 1997 – Maraíodh an banphrionsa Diana i dtimpiste bhóthair i bPáras in éindí lena fear Dodi Al-Fayed
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Aoine, 6 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach