Rosalind Franklin
Ceimceoir agus criostalagrafaí x-ghathach▼ Sasanach ab ea Rosalind Elsie Franklin (25 Iúil 1920 - 16 Aibreán 1958)[1] a chuir le tuiscint struchtúir mhóilíneacha ADN, ARN , víris, gual, agus graifít.[2] Cé go raibh meas ar a cuid oibre ar ghual agus ar víris i rith a saoil, is beag an aitheantais a fuair a cuid oibre ar struchtúr ADN go dtí tar éis a báis. ní bhfuair an obair a rinne sí ar struchtúr ADN mórán aitheantais go dtí tar éis a báis.
Tá cáil ar Franklin de bharr a cuid oibre i King's College Londain ar na híomhánna díraonta X-ghathacha d' ADN, go háirithe Grianghraf 51. Bhí Grianghraf 51 mar chuid den fhianaise i moladh héilics dúbailte ADN le James Watson agus Francis Crick. Roinn James Watson, Francis Crick agus Maurice Wilkins Duais Nobel san Fhiseolaíocht nó Leigheas i 1962. Mhol Watson go mbronnfaí Duais Nobel sa Cheimic ar Franklin go hidéalach, in éineacht le Wilkins ach, cé nach raibh riail ann fós i gcoinne gradaim i ndiaidh a báis, go ginearálta ní dhearna an Coiste Nobel ainmniúcháin iarbháis.[3]
Tar éis di críoch a chur lena cuid oibre ar ADN, rinne Franklin obair cheannródaíoch ag Birkbeck ar struchtúir mhóilíneacha na víreas. Lean a comhghleacaí Aaron Klug lena chuid taighde agus bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1982.
Fonótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Rosalind Franklin Papers, Biographical Information". profiles.nlm.nih.gov.
- ↑ "The Rosalind Franklin Papers, The Holes in Coal: Research at BCURA and in Paris, 1942–1951". profiles.nlm.nih.gov.
- ↑ "Nobel Prize Facts". Official Website of the Nobel Prizes.