Johannes Gutenberg
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (de) Johannes Gensfleisch zur Laden zum Gutenberg ![]() 1393 ↔ 1406 Mainz (an Impireacht Naofa Rómhánach) |
Bás | 1468 (<26 Feabhra 1468) 67/68 bliana d'aois Mainz (an Impireacht Naofa Rómhánach) |
Áit adhlactha | Mainz ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Erfurt (1418 (Féilire Ghréagóra)–) ![]() |
Áit chónaithe | Mainz |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Cumadóir |
Suíomh oibre | Mainz Strasbourg ![]() |
Gairm | cumadóir, gabha, gabha buí, innealtóir, clóghrafóir, greanadóir, máistir mionta ![]() |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Teaghlach | |
Athair | Friele Gensfleisch zur Laden agus Else Wirich |
Siblín | Friele Gensfleisch agus Else Vitztum |
![]() ![]() |
Ba chlódóir Gearmánach é Johannes Gutenberg (a rugadh timpeall 1400 i Mainz agus a fuair bás ar an 3 Feabhra 1468 san áit ceánna). Chum Gutenberg an chéad chlóphreas agus an clóbhualadh le cló inghluaiste. Ba é an Bíobla 42 líne an leabhar is cáiliúla dá chuid, a foilsíodh timpeall 1455: tugtar Bíobla Gutenberg air.[1] Mar sin, chuir sé modh dáileacháin éifeachtach ar fáil do smaointe úra an Renaissance.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhionn Gutenberg bealach praiticiúil chun clódóireacht a dhéanamh timpeall 1450. Rinne sé litreacha beaga as miotal. Chuir sé ar fhráma adhmaid iad in ord. Chuir sé isteach sa dúch é. An t-ainm atá air seo ná cló soghluaiste.[2]
Bhí An Bíobla Dhá Líne-is-Daichead (Gearmáinis: Die 42-zeilige Bibel) an chéad leabhar mór le rá a chlóbhuail Gutenberg leis an gclóphreas nua. Rinne Gutenberg páipéar línéadaigh agus maireann leabhair go fóill a bhí clóbhuailte ar an pháipéar sin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2013). "Fréamh an Eolais" (Cois Life).
- ↑ COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
An Bíobla Dhá Líne-is-Daichead a rinne Gutenberg (le feiceáil sa Leabharlann Phoiblí i Nua-Eabhrac)
-
An chéad leathanach den Bhíobla Gutenberg (Réamhrá ó Naomh Iaróm: Incipit epistola sancti iheronimi ad paulinum ...)