Jump to content

Clóphreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clóphreas san Iarsmalann Gutenberg, Mainz
Johannes Gutenberg

Roimh na 1450idí, bhí ar dhaoine leabhair a chóipeáil de láimh nó blocphriontáil a úsáid. Ach in 1450 rinne Gearmánach darbh ainm Johannes Gutenberg an chéad chlóphreas.[1] Rinneadh litreacha aonair miotail agus cuireadh i bhfráma iad Bhí na clódóirí in ann 300 leathanach a phriontáil in aghaidh an lae ag an am.[2]

Roimh an Renaissance bhí ar dhaoine leabhair a chóipeáil le lámh, ach thart ar an mbliain 1450 cheap Johann Gutenberg an chéad chlóphreas miotail inaistrithe. Ba mhodh an-éasca agus an-tapaidh é chun leabhair a chóipeáil agus a scaipeadh. Mar sin, chuir Gutenberg modh dáileacháin éifeachtach ar fáil do smaointe úra an Renaissance.[2]

Tháinig an chéad leabhar clóite ná leagan den Bhíobla in 1455. Rinne siad páipéar línéadaigh agus maireann leabhair go fóill a bhí clóbhuailte ar an pháipéar sin.[3]

Ar cuairt go Kõln na Geannáine in 1471-2), d'fhoghlaim William Caxton ceird na clódóireachta. Chuir sé cló ar an gcéad leabhar Béarla, The Reeuyell of the Historyes of Troye i 1475.

Faoin mbliain 1500, bhí 10,000,000 leabhar clóite ann.

Sa 20ú céad tháinig clóphreasanna príobháideacha, clubanna leabhar, teicníochtaí nua priontála, leabhair faoi chlúdach bog, agus téacsleabhair scoile is ollscoile, ionas gur foilsíodh níos mó teideal ná riamh.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, printing press
  2. 2.0 2.1 tairseachcogg.ie. "An Athbheochan" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025.
  3. cogg.ie. "Renaissance" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025.
  4. Hussey, Matt (2013). "Fréamh an Eolais" (Cois Life).