Jump to content

Trá Sword

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTrá Sword
Íomhá
Map
 49° 18′ 23″ N, 0° 19′ 16″ O / 49.306388888889°N,0.32111111111111°W / 49.306388888889; -0.32111111111111
Cineálcódainm
trá Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Meitheamh 1944 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSaint-Aubin-sur-Mer, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata, canton de Douvres-la-Délivrande, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
D Day Cuir in eagar ar Wikidata


Bhí ‘Trá Sword[1] mar pháirt de thrí achar theacht i dtír de chuid na bhfórsaí Angla-Ceanadach le linn D-Day, an 6 Meitheamh 1944 (Oibríocht OverlordOibríocht Neptune an códainm a tugadh ar an ionradh). Bhí Sword ar an chliathán ab fhaide soir d’ionsaí na gComhghuaillithe ar an lá seo.[2]

1944: Erwin Rommel agus cigireacht ar na trúpaí (21e Panzer agus canon 7,5-cm PaK 40 acu)
ar Trá Sword: British 2nd Army: Infantry
1st Special Service Brigade de chuid Lord Lovat; an píobaire Bill Millin ar dheis
Plaic inniu : an píobaire Bill Millin
Tank Churchill Avre,, Hermanville , 6 Meitheamh 1944

Ba é an Ginearál John Crocker a bhí i gceannas ar na fórsaí uilig ag Sword agus ba mhór an dúshlán a bhí os a chomhair. Bhí seilbh ag rannán de chuid na Gearmáine (a bhí faoi dhualgas an chiumhais trá seo a chosaint ar na Comhghuaillithe) ar 500 meaisínghunna san iomlán, chomh maith le 50 moirtéar agus moll mór gunnaí eile de gach sórt.

Bhí ról lárnach ag muirshaighdiúirí na Fraince san ionradh agus iad faoi cheannasaíocht an Cheannfoirt Philippe Kieffer (ach níor ghlac ach thart ar dhá chéad saighdiúir coise de chuid na Fraince páirt in Oibríocht Overlord).[2]

Dhá uair roimh an ionsaí amfaibiach tugadh aer-ruathar ar chosaint na nGearmánach chomh maith le bombardú cabhlaigh. Gabhadh an Batterie de Merville[3] agus Droichead Pegasus.[4]

Macasamhail mar a rinneadh ar na tránna Gold agus Juno, rinne innealtóirí an fharraige a ghlanadh de smionagair agus d’éadáil le haghaidh bealaí chun na trá a chruthú chun rith cladaigh a fhágáil ag na hárthaí. Thug 25 thanc aghaidh ar an trá ar dtús báire agus ba mhór an t-ádh a bhí orthu óir dóbair gur cailleadh iad leis an tsruth. Tháinig na coisí ina ndiaidh agus a luaithe agus a leag siad cos ar scaineagán na Fraince bhí rois piléar agus moirtéar á gcreachadh ar gach taobh. [2]

Gidh go raibh deacrachtaí ag na Comhghuaillithe an trá a ardú ar dtús báire (a bhuí leis an taoille a bhí ag líonadh, gan trácht ar an tslad é féin), ba é an bombardú agus an dochar a rinne na tancanna ar líne chosanta na Gearmáine a chuidigh leofa sa deireadh. Ba ghreannmhar go raibh an píobaire Bill Millin ag seinm ar an trá le linn na spairne faoi ordú an Tiarna Lovat, rud a thug uchtach agus spreagadh dá chomrádaithe calma. Tháinig drandán na bpíob aniar aduaidh go mór sin ar na Gearmánaigh gur chosc siad á lámhach ar feadh cúpla soicind chun súil a chaitheamh ar an phíobaire.

Sa deireadh thiar thall bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe agus rug siad an báire leofa nuair a dhíbir siad na Gearmánaigh as gach baile agus poll fá chiumhais na mara idir Ouistreham agus Langrune-Sur-Mer. Bhí na Gearmánaigh go hiomlán trína chéile i ndiadh an ionsaithe agus ba bheag an seasamh a thug siad taobh amuigh de chúpla naoscaire nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag máirseáil i dtreo Caen. Sa deireadh ní bhfuair ach 600 fear de chuid na gComhghuaillithe bás ag Trá Sword (is beag sin i bhfarradh le Omaha ina bhfuair thart ar 2500 bás). Ní fios cá mhéad a fuair bás ar thaobh na Naitsithe.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. códainm "Sword Beach" i mBéarla
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Naoise Mac Cathmhaoil (2024-07-19). "Luc-Sur-Mer, Cath Sword, agus Comóradh D-Day" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-07-21.
  3. "Merville Gun Battery" (as en) (2024-07-05). Wikipedia. 
  4. "Pegasus Bridge" (as en) (2024-06-10). Wikipedia.