Teoiric na catastróife
Cuma
Smaoineamh gur tharla tubaiste ollmhór thobann don Domhan uair éigin san am atá thart a d'athraigh dromchla is comhshaol an Domhain as cuimse. Bhí an t-am ann a cheap daoine gur mar seo a rinneadh sléibhte, cainneoin is farraigí, mar shampla trí imbhualadh le hastaróideach nó cóiméad. Ach tá a fhios anois nach mar sin a tharla na gnéithe seo den Domhan, ach trí dheascadh na n-ilchríoch. Ní hé sin le rá nár tharla imbhuailtí le ranna beaga spéire a raibh torthaí uafásacha orthu, mar dhíothú na ndineasár, eachtra Tunguska sa tSibéir, agus b'fhéidir díothuithe eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teoiric na catastróife". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |