Teinisín
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, dúile sintéiseacha agus dúil cheimiceach |
---|---|
Teinisín sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ts agus Uus |
Uimhir adamhach | 117 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 halaiginí |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | Yuri Oganessian |
Fionnachtain | 2009 agus 2010 |
Eapainm | Tennessee |
Is dúil cheimiceach é an teinisín.[1] Is é an uimhir adamhach atá aige ná 117 agus is é Ts an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha.
Tháinig eolaithe Rúiseacha agus Meiriceánacha ar an teinisín in éineacht i lárionad taighde na fisice in Dubno in aice le Moscó sa bhliain 2010. Fuair an dúil a hainm ó eagraíochtaí idirnáisiúnta na gceimiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glancheimice is na Ceimice Feidhmí, IUPAC) agus na bhfisiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glanfhisice is na Fisice Feidhmí, IUPAP) sa bhliain 2016. Is é stát Tennessee sna Stáit Aontaithe is bunús leis an ainm.
Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an teinisín a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh. San am chéanna áfach deir na fisiceoirí go bhfuil an teinisín cuíosach cobhsaí i gcomparáid leis na dúile eile ar aon mheáchan, a bheag nó a mhór, leis. Deirtear go bhfuil an teinisín suite in "oileán na cobhsaíochta", is é sin, i ngrúpa na ndúl trom nach bhfuil ag cloí le gnáthchlaonadh na ndúl seo ó thaobh na leathré de. Mar sin féin, níl an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an teinisín, Ts-294, ach 51 mhilleasoicind ar leathré.
Tá an teinisín suite in aon ghrúpa leis na halaiginí i dtábla peiriadach na ndúl, ach is deacair a rá an bhfuil a iompar ceimiceach cosúil leis na halaiginí. Ar an gcéad dul síos, cuireann iarmhairtí coibhneasaíocha (iarmhairtí a bhfuil baint acu le teoiric coibhneasachta Einstein) an córas peiriadach as a riocht ag dúile atá chomh trom seo, agus ar an dara dul síos, tá an teinisín chomh héagobhsaí is nach féidir eiseamal de a aonrú a chuirfeadh ar chumas na gceimiceoirí turgnaimh a dhéanamh leis an teinisín.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““teinisín” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |