Steve Finnan
(2006) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (en) Stephen John Finnan 24 Aibreán 1976 48 bliana d'aois Luimneach, Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga dhúchais | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 183 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 1993 – | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | sacar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sraith spóirt | Príomhroinn Shasana | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Lánchúlaí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2002 | Corn FIFA an Domhain 2002 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Iar-pheileadóir sacair é Steve Finnan (nó Stiofán Ó Fionáin) a rugadh i mBaile na Cora Thiar i gCathair Luimnigh ar an 24ú Aibreán 1976. D'imir sé don chlub Espanyol go dtí Mí Iúil 2009, agus ansin do Phortsmouth go dtí 2010. Bhí sé ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann. D'imir sé mar thaca deas de ghnáth. Tá sé ar scor mar imreoir anois.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh a chlann ar imirce go Sasana nuair nach raibh Stiofán ach ceithre bliana d’aois agus d’fhás sé suas i Chelmsford, Essex. Tá mórán gaolta fós aige i Luimneach agus baineann sé an-mhórtas as a Ghaelachas, rud a admhaíonn sé arís is arís in agallaimh phoiblí. Is col ceathar dó Ailbe Ó Fionáin (Albert Finnan), imreoir CP Luimnigh i mblianta na 1990í.
Tús imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba Welling United i Léag an Deiscirt a chéad club ach ba le Birmingham City a d’imir sé don chéad uair mar ghairm-pheileadóir sa bhliain 1995. Ní bhfuair sé ach 15 cluichí leo, áfach, agus d’aistrigh sé go Notts County an bhliain dár gcionn. Tar éis dhá bhliain agus 80 cluiche leosan, d’íoc an club as Londain Fulham £600,000 air agus ba bhall dá fhoireann a bhain áit sa Phremiership amach sa bhliain 2002. Aithníodh mar imreoir an-thapaidh é[fíoras?] le an-scil chros-phas chun an liathróid a dhíriú ar na lár-thosaithe istigh sa bhosca éirice[fíoras?].
Learpholl
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’íoc Learpholl €4,900,000 chun a chonartha a cheannach sa bhliain 2003. Gortáiodh go minic é le linn a chéad bhliana sa chlub ach ghnóthaigh sé geansaí uimhir 2 dó féin ag tús an tséasúir dá gcionn. Sa bhliain chéanna, bhuaigh sé boinn sa Charling Cup agus i Sraith Seaimpín UEFA cé go raibh air an pháirc a fhágaint ag leath-am sa chluiche ceannais i gcoinne A.C. Milan de bharr gortú coise. D'imir sé le Learpholl ó 2003 go 2008.
Idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’imir Stiofán ar fhoireann na hÉireann don chéad uair ar an 26ú Aibreán, 2000 i mBóthar Lansdúin i gcoinne na Gréige. Tháinig sé isteach san fhoireann tar éis gortú Stiofán Mac Giolla Chearra agus is céad rogha na dtacaithe é beagnach ó shin i leith.