Jump to content

Sonia Sotomayor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Infotaula de personaSonia Sotomayor

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Meitheamh 1954
70 bliana d'aois
An Bronx, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Comhbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe
8 Lúnasa 2009 –
← David Souter
Breitheamh de Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Dara Cuaird
7 Deireadh Fómhair 1998 – 6 Lúnasa 2009
← J. Daniel MahoneyRaymond Lohier (en) Aistrigh →
Breitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe do Cheantar Theas Nua-Eabhrac
12 Lúnasa 1992 – 7 Deireadh Fómhair 1998
← John M. Walker, Jr. (en) AistrighVictor Marrero (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Dlí Yale (1976–)
Ollscoil Princeton
Ardscoil an Chairdinéil Spellman Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C.
Manhattan Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbreitheamh, polaiteoir, múinteoir ollscoile, dlíodóir, ionchúisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Columbia
Ionchúisitheoir Dúiche Chontae Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gradam a fuarthas

Goodreads author: 5832991

Breitheamh Meiriceánach is ea Sonia Sotomayor, ina Breitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (a rugadh ar 25 Meitheamh 1954). Mhol Barack Obama í sa bhliain 2009 agus tá Sotomayor leathan-aigeantach go leor. Níl inti ach an tríú bean ariamh ar an gCúirt Uachtarach, agus an chéad Hiospáineach.[1]

1958ː a tuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu
1968

As an Bronx ó dhúchas í Sotomayor, de thuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu, agus i dtithíocht phoiblí sa Bhronx. Fuair a hathair bás nuair a bhí Sotomayor naoi mbliana d’aois, bliain tar éis di diabéiteas a tholgadh. Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas. Bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar. Chuaigh sí ó Ardscoil an Chairdinéil Spellman i 1972 go dtí Ollscoil Princeton. D’fhág sí Princeton i gcéadáit ('summa cum laude') a ranga (AB 1976) chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale. Ach bhain sí dochtúireacht amach (JD 1979). Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth ó shin.[1]

Ionchúisitheoir agus breitheamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Sotomayor ina hionchúisitheoir dúiche cúnta i gContae Nua-Eabhrac (Manhattan) ó 1979 go 1983. Bhí meas ar a cuid oibre mar ionchúisitheoir, go háirithe mar gheall ar an dúthracht a bhí inti dul i ndiaidh na pornagrafaíochta leanaí. Tar éis di roinnt blianta a chaitheamh i mbun dlíthíochta tráchtála, rinneadh comhpháirtí i Pavia & Harcourt, Manhattan di, sa bhliain 1988.[2]

2009

Ceapadh Sotomayor ina breitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Deiscirt Nua-Eabhrac sa bhliain 1992, i ndiaidh vóta d'aon ghuth i Seanad na Stát Aontaithe i bhfabhar a hainmniúcháin. Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.

Ceapadh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Dara Cuaird í sa bhliain 1998; ní raibh bealach chomh éasca aici, ach ar deireadh daingníodh í, le vóta 67-25.[2] Bhí breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.

2018

Cúirt Uachtarach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
2017

Nuair a d'ainmnigh an t-Uachtarán Obama do Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe í, sa bhliain 2009, daingníodh í, ar deireadh, le vóta 69-31, d'ainneoin go raibh conspóid ann maidir le tuairim a chuir sí in iúl sa bhliain 2001 go ndéanfadh breitheamh Latina cinneadh ní b'fhearr, den chuid is mó, ná fear geal nach mbeadh an taithí chéanna ar an saol aige.[2]

Cuireadh Sotomayor faoi mhionn mar Bhreitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ar 8 Lúnasa 2009.

Léirigh a cuid breithiúnas ó 2009 go bhfuil Sotomayor ar eite liobrálach na Cúirte Uachtaraí den chuid is mó. Ach ó am go ham taobhaíonn sí leis na coimeádaigh maidir le ceisteanna áirithe, mar an clásal a bhaineann le láithreacht na bhfinnéithe.[2]

2011

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Brian Ó Broin (Meitheamh 2009). "Sonia Sotomayor - An Bhrionglóid Mheiriceánach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-06-08.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Sonia Sotomayor". Dáta rochtana: 2022.