Ríocht na Viseagotach
Cuma
Ba ríocht í Ríocht na Viseagotach nó Ríocht na nIar-Ghot,( Laidin: Regnum Visigothorum ) a bhí lonnaithe ar thailte ar dhá thaobh na bPiréiní, ón 5ú go dtí an 8ú haois. Bhí sí ar cheann de na stáit chomharbacha Ghearmánacha d'Impireacht na Róimhe Thiar. Cruthaíodh í nuair a phlándáil an rialtas Rómhánach na Viseagotaigh, a bhí faoin cheannaireacht Rí Wallia, i gCúige Gallia Aquitania, in iarthar na Gaille. Den phroibhinse sin, leathnaigh sí amach thar fairsinge na hEaspáinne go léir. Choinnigh an Ríocht a neamhspleáchas ón Impireacht Bhiosántach, agus níor éirigh go maith leis na hiarrachtaí a rinneadh chun údarás Rómhánach a athbhunú i nDeisceart na Spáinne.