Petronilla de Meath
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1300 Éire |
Bás | 11 Samhain 1324 23/24 bliana d'aois Cill Chainnigh |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Bás trí dhó) |
Tréimhse ama | Glúin an 14ú aois agus glúin an 13ú aois |
Eile | |
Ciontaíodh i | asarlaíocht |
Croineolaíocht | |
céasadh | |
interrogation (en) |
Ba í Petronilla de Meath (c. 1300 – 3 Samhain 1324) an chéad duine a taifeadadh gur loscadh ag an stáca as draíocht in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór í.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Petronilla ina cailín aimsire le Alice Kyteler, bean uasal, ar cuireadh an draíocht go príomha ina leith agus a d'éalaigh ó chrúcaí Easpag Osraí, Richard de Ledrede. Sa bhliain 1324 chuir an tEaspag Ledrede asarlaíocht agus taithíocht le deamhain ina leith agus, chomh maith leis sin,[2] gur nimhigh sí a ceathrar fear céile. Le loisceadh ag an stáca an bhreith a tugadh uirthi. Ach d'éalaigh sí (go hAlbain nó a muintir san Ísiltír).
Ina háit, rinneadh céasadh ar a cailín aimsir, Petronilla ionas go n-admhódh sí gur chuir sí an ealaín dhubh ar dhaoine, gur chaith sí crainn ar rudaí, agus go ndearna sí íobairtí do dheamhain. Ansin loisceadh ag an stáca í. Dheimhnigh an Pápa Eoin XXII an pionós sa bhulla, Super Illius Specula,[3] in 1326, dhá bhliain níos déanaí.
Cuimhneachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Dame Alice Kyteler, a rugadh 1284, atá i gceist in Kyteler's Inn,[4] atá ann i gcónaí i gCill Chainnigh.
Deirtear go mbíonn taibhse Petronilla le feiceáil i dTí Kyteler agus sna sráideanna thart go minic.[5]
Tá Petronilla i measc na mban dá leagadh áit ag an mbord sa thaispeántas ealaíne iomráiteach 'The Dinner Party' (1979) le Judy Chicago, atá ar buantaispeáint i Músaem Brooklyn.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ScoilDlí, COBÁC. "Petronilla" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ nó chomh dona ǃ
- ↑ T. Galuszko (2006). "MAGIC AS 'FACTUM HERETICALE'. ON THE 'SUPER ILLIUS SPECULA' BULL ISSUED BY JOHN XXII" (as PL). Przeglad Historyczny (Historical Review) (2): 221–240. ISSN 0033-2186.
- ↑ "Kyteler's Inn" (as en) (2020-10-21). Wikipedia.
- ↑ Lorcán Ó Treasaigh. "Turas Éireann | CIC (lch 97)". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-13. Dáta rochtana: 2020-11-04.
- ↑ "Brooklyn Museum: Petronilla de Meath". www.brooklynmuseum.org. Dáta rochtana: 2020-11-03.
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |