Peadar Brahe
Státaire agus fear míleata ón tSualainn a bhí i bPeadar Óg Brahe (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: Österåker, ar an 18 Feabhra 1602, agus shíothlaigh sé ar an 2 Meán Fómhair 1680 i gCaisleán Bogesund i Vaxholm),[1] Sualainnis: Per Brahe, Fionlainnis: Pietari Brahe, agus é ina Ghobharnóir Ginearálta ar an bhFionlainn sa tseachtú haois déag. Tá clú agus cáil ar Brahe san Fhionlainn inniu féin toisc go ndearna sé an-fhorbairt ar shaol agus ar shochaí na tíre lena lá. Is é an duine is óige den dá Pheadar Brahe a aithnítear i stair na Sualainne, nó bhí an t-ainm céanna ar a athair mór, sean-Pheadar Brahe, ina chomhairleoir pearsanta ag an Rí Gustaf Wasa. Maidir le Peadar Óg, bhí seisean mór leis an rí Gustaf II Adolph.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn sna blianta 1637-1640 agus arís sna blianta 1648-1654. Chuir sé cuma nua ar an gcóras riaracháin agus bhunaigh sé an chéad seirbhís phoist. Thairis sin, chuir sé tús le sraith de chathracha nua, ar nós Raahe, Pietarsaari, Kajaani, Hämeenlinna, Lappeenranta agus Savonlinna. Tá an chathair úd Raahe ainmnithe as Peadar Brahe, nó is é Brahestad - "Cathair Brahe" - ainm na háite as Sualainnis. Ní raibh na Fionlannaigh ábalta an consan coimhthíoch sin B a fhuaimniú i gceart, agus rinneadh Raahe de Brahe ina mbéal-san.
Ar ordú an Ghobharnóra Brahe, hathraíodh cathair Heilsincí go háit nua a bhí ní b'fheiliúnaí do chuan trádála. Inniu, tugtar Vanhankaupunginlahti - "Bá na Seanchathrach" - ar an áit a raibh lár na cathrach roimh chinneadh Brahe.
Chuir Brahe feabhas ar an gcóras oideachais chomh maith. Sa bhliain 1640, faoin am céanna a d'athbhunaigh sé Heilsincí, bhunaigh sé scoil ardoideachais i dTúrcú - Acadamh Ríoga Thúrcú - agus chuaigh sé féin i gceannas ar an acadamh ina Sheansailéir. Síol d'Ollscoil Heilsincí a bhí ann, nó nuair a chuaigh cathair Thúrcú trí thine sa bhliain 1827, haistríodh an tAcadamh go Heilsincí.
Bhí Brahe ina Chúnta ar Visingsö, an t-oileán is mó i Loch Vättern sa tSualainn. Mar sin, is gnách "an Cunta" a thabhairt air san Fhionlainn. Deirtear kreivin aikaan - "in am an Chúnta" - i bhFionlainnis an lae inniu féin, sa chiall "san am ceart", ach ar dtús, ba tagairt é seo don tréimhse a chaith an Cunta Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn.
Inniu, tá dealbh chuimhneacháin don Chúnta le feiceáil i dTúrcú, agus na focail seo greanta ar dhúshraith na deilbhe: Iagh war med landett och landett med mig wääl tillfreds - de réir litriú nua-aimseartha na Sualainnise: Jag var med landet och landet med mig väl tillfreds, a chiallaíonn "Mise agus an tír seo, bhí muid breá sásta le chéile."
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The Encyclopaedia Britannica: A Dictionary of Arts, Sciences, Literature and General Information - 11ú eagráin