Oismiam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Oismiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Os |
Uimhir adamhach | 76 |
Mais adamhach | 190.23 |
Cumraíocht leictreon | [Xe] 4f¹⁴ 5d⁶ 6s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 8 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.2 |
Ga ianach | 0.63, 0.58, 0.55 agus 0.39 |
Stair | |
Aimsitheoir | Smithson Tennant agus William Hyde Wollaston |
Fionnachtain | 1804 |
Eapainm | boladh |
Is é an t-oismiam dúil uimhir a 76, agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó ná Os. Tá na miotail go léir i ngrúpa an phlatanaim an-trom, ach is é an t-oismiam an dúil is airde dlús ar fad, nó tá sé beagnach dhá oiread chomh trom leis an luaidhe, - tá sé 22.6 g/m3 ar dlús. Bíonn sé le fáil sa dúlra in éineacht leis an iridiam, agus is minic a thagraítear don "oismiridiam", is é sin, do chóimhiotal nádúrtha an oismiam agus an iridiam.
Ba é an ceimiceoir Sasanach Smithson Tennant a d'aonraigh an t-oismiam an chéad uair agus a d'aithin mar dhúil ar leith é, thiar sa bhliain 1803. Eisean a d'ainmnigh é freisin.
Tá loinnir ghormgheal san oismiam, agus fuair sé a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn "drochbholadh". Bíonn drochbholadh as an oismiam, toisc go bhfuil ocsaíd sho-ghalaithe aige, an teatrocsaíd oismiam OsO4. Bíonn ábhairín den bholadh seo le haithint as an miotal féin, agus é ag imoibriú le hocsaigin an aeir.
Miotal crua briosc sobhriste é an t-oismiam, agus mar sin, ní furasta é a shaoirsiniú ná a mheaisíniú. Mar sin, is ar éigean a bhaintear úsáid ar bith as sa tionsclaíocht mar ghlanmhiotal. Mar chóimhiotal is mó a úsáidtear é. Luadh cheana féin gur mar chóimhiotal leis an iridiam is mó a bhíonn oismiam ar fáil sa dúlra, agus bíonn sé praiticiúil oismiam agus iridiam a mheascadh le cóimhiotal inúsáidte a fháil le haghaidh na tionsclaíochta fosta.
Tá an t-oismiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp, mar atá, Os-184 (0.02 % d'oismiam an dúlra), Os-186 (1.59 %), Os-187 (1.96 %), Os-188 (13.24 %), Os-189 (16.15 %), Os-190 (16.26 %), agus Os-192 (an t-iseatóp is flúirsí, 40.78 %). Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid de na hiseatóip nádúrtha seo radaighníomhach, ach má tá féin, tá an leathré chomh fada is nach féidir radaíocht ar bith a aithint ag teacht astu. Ó thaobh an ghnáthshaoil de, tá sé sábháilte a rá go bhfuil siad cobhsaí.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an oismiam ná +2, +3, +4 agus +8. Is í an teatrocsaíd an chomhdhúil is tábhachtaí, agus tá sé de chlaonadh sna comhdhúile eile claochlú go teatrocsaíd má thagann siad i dteagmháil leis an ocsaigin. Nimh láidir dhainséarach í an teatrocsaíd oismiam.