Neil Bartlett (ceimiceoir)
Ba cheimiceoir é Neil Bartlett (15 Meán Fómhair 1932 – 5 Lúnasa 2008) a rinne speisialtóireacht dúil cheimiceach fluairín agus ar chomhdhúile ina raibh fluairín ann, agus a bhain clú agus cáil amach as chéad chomhdhúil a shintéisiú as triathghás. Theagasc sé ceimic in Ollscoil British Columbia agus in Ollscoil California, Berkeley.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Neil Bartlett ar 15 Meán Fómhair 1932 i Newcastle-upon-Tyne, Sasana.[1] Chuaigh suim Bartlett sa cheimic siar go dtí turgnamh ag Scoil Ghramadaí Heaton nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois, inar ullmhaigh sé "beautiful, well-formed" ( "álainn, dea-chruthaithe") trí imoibriú amóinia uiscí le sulfáit chopair.[2] Rinne sé iniúchadh ar an gceimic trí shaotharlann aistrithe a thógáil i dteach a thuismitheoirí ag úsáid ceimiceáin agus earraí gloine a cheannaigh sé ó shiopa soláthair áitiúil. Chuaigh sé ar aghaidh chun freastal ar Choláiste an Rí, Ollscoil Durham (a chuaigh ar aghaidh go dtí Ollscoil Newcastle [3] ) sa Ríocht Aontaithe áit ar bhain sé Baitsiléir Eolaíochta amach (1954) agus ansin dochtúireacht (1958).
Sa bhliain 1958, thosaigh gairmréim Bartlett nuair a ceapadh é ina léachtóir sa cheimic ag Ollscoil British Columbia i Vancouver, Ceanada áit a bhainfeadh sé céim ollaimh amach ar deireadh thiar. Le linn a thréimhse san ollscoil fuair sé amach go raibh triathgháis imoibríoch a dhóthain chun nasc ceimiceach a dhéanamh. D’fhan sé ann go dtí 1966, nuair a d’aistrigh sé go hOllscoil Princeton mar ollamh le ceimic agus mar bhall den fhoireann taighde ag Bell Laboratories. Chuaigh sé ar aghaidh ansin le dul isteach i roinn na ceimice in Ollscoil California, Berkeley i 1969 mar ollamh le ceimic go dtí gur scoir sé sa bhliain 1993. Bhí sé ina eolaí foirne freisin ag Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley ó 1969 go 1999. Sa bhliain 2000, ceapadh é ina shaoránach eadóirsithe de na Stáit Aontaithe. Fuair sé bás ar 5 Lúnasa 2008 de bharr ainéaras aortach réabtha. Chónaigh sé lena bhean Christina Bartlett go dtí a bháis. Bhí ceathrar clainne acu.
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í príomhspeisialtacht Bartlett ceimic an fhluairín agus na gcomhdhúile ina bhfuil fluairín iontu. Sa bhliain 1962, d'ullmhaigh Bartlett an chéad chomhdhúil triathgháis, xeanón heicseafhluaraplaitíneáit,[4][5] Xe + [PtF 6 ] − . Bhí sé seo n aghaidh na múnlaí seanbhunaithe a bhain le fiús, mar gur creideadh go raibh gach triathghás go hiomlán támh do chuingir cheimiceach. Chruthaigh agus d'athchruthaigh sé roinnt fluairídí eile de xeanón ina dhiaidh sin: XeF 2, XeF 4, agus XeF 6. Trí leas a bhaint as an tuaslagóir agus bunairíonna XeF 6, bhí sé in ann an chéad chomhdhúil óir cúig fhiús, Xe 2 F 11 + AuF 6 −, a ullmhú.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Neil Bartlett and the Reactive Noble Gases".[1]
- ↑ Jolly, William L. "Neil Bartlett, In Memoriam". [2] Curtha i gcartlann 2013-07-17 ar an Wayback Machine
- ↑ Universities of Durham and Newcastle upon Tyne Act 1963. [3] Curtha i gcartlann 2010-07-05 ar an Wayback Machine
- ↑ Bartlett (1962). "Xenon hexafluoroplatinate(V) Xe+[PtF6]−". Proceedings of the Chemical Society 1962 (6). doi: .
- ↑ Hargittai (2009). "Neil Bartlett and the first noble-gas compound". Structural Chemistry 20 (December): 953–959. doi:. Dáta rochtana: 27 August 2018.