Neasa Ní Chinnéide
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1952 71/72 bliana d'aois Baile an Mhúraigh, Éire |
Áit chónaithe | Baile Átha Cliath Tóiceo |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir, léiritheoir teilifíse |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | John Hegarty |
Craoltóir Éireannach agus iarcheannasaí ar Rannóg na gCláracha Gaeilge in RTÉ is ea Neasa Ní Chinnéide.
Is cainteoir dúchais Gaeilge í. Rugadh agus tógadh i mBaile an Mhúraigh i gCorca Dhuibhne í. Rinne sí staidéar ar an tíreolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus bhain sí céim bhaitsiléara amach chomh maith le hArdteastas san Oideachas. Músclaíodh a spéis sa chraoltóireacht le linn na tréimhse seo freisin, agus fuair sí post páirtaimseartha le Raidió na Gaeltachta i gCasla agus í fós ina mac léinn.[1]
Chaith sí ocht mbliana sna Stáit Aontaithe ag tabhairt faoi chéim dhochtúireachta sa tíreolaíocht sular fhill sé ar Éirinn in 1986.[1] Fuair sí post lánaimseartha le Raidió na Gaeltachta, agus thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisg ag cur an chláir “Cúrsaí” i láthair, clár a bhí á chraoladh cúig oíche sa tseachtain ar feadh tamaill. In 1995, ceapadh í ina Ceannasaí ar Rannóg na gCláracha Gaeilge in RTÉ.[1]
Seirbhís phoiblí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sí ina cathaoirleach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse agus ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana sna 1990idí.[1]
Saol phearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sí pósta le John Hegarty a bhí ina phropast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 2001 go 2011, agus tá beirt chlainne acu.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "AGALLAMH BEO: Neasa Ní Chinnéide" (2001-06). Dáta rochtana: 2024-02-12.
- ↑ "John Hegarty". Dáta rochtana: 2024-02-12.