Jump to content

Muireitleán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AerárthachMuireitleán
Cineáleitleán agus aerárthach uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Fearas tuirlingthewater-capable undercarriage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cumraíocht sciatháinsciathán dobhogtha Cuir in eagar ar Wikidata
Muireitleán DeHavilland Otter

Eitleán atá in ann éirí san aer ó dhromchla na mara agus tuirlingt anuas air is ea muireitleán, le cabhail nó snámháin ar chruth oiriúnach.[1]

Is slí thaistil éasca é uaireanta.[2]

iarsmalann, Faing, Contae Luimnigh inniu
Boeing 314 Clipper

Saothraíodh a leithéid den chéad uair sna Stáit Aontaithe chun feidhm a bhaint as an bhfarraige mar rúidbhealach.

Dhear Reginald Joseph Mitchell agus Claude Dornier muireitleáin sna 1920idí.

Bhaintí úsáid as muireitleáin mhóra, báid eitilte, chun paisinéirí is lastas a iompar trasna an Aigéin Chiúin is an Aigéin Atlantaigh sna 1930idí.

Muireitleáin in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh cuan dóibh in inbhear na Sionainne i bhFaing, Contae Luimnigh nó áit tuirlingthe muireitleán.[3] Bhí ról lárnach ag Foynes maidir le heitiltí paisinéirí trasatlantacha tráchtála a bhunú.[4]

Cuireadh tús leis an gcéad seirbhís trasatlantach sa bhliain 1939. Ar 28 Meitheamh 1939, thuirling Eitilt 607A "Yankee Clipper" de chuid Pan American i bport na mbád eitilte i bhFaing, Contae Luimnigh.

Rinne siad seirbhís sa dara cogadh domhanda i ndualgais tarrthála agus i gcoinne fomhuireán.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. folaíonn an focal "long" muireitleán an fad a bhíonn sé i dteangmháil leis an uisce. Uimhir 22 / 1959: MARITIME JURISDICTION ACT, 1959
  2. "I mBád Aeir Chuig Sceir Mhór na hAstráile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  3. ""áit tuirlingthe muireitleán"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  4. "Learn the History of North Atlantic Aviation at Foynes Flying Boat Museum" (en-US). Foynes Flying Boat & Maritime Museum. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  5. Hussey, Matt (2011). "Muireitleán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 472.