Minéirve
Minerva ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | bandia dia an chogaidh dia Rómhánach ![]() |
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | creidimh na Sean-Róimhe ![]() |
Bunaithe ar | Menrva (en) ![]() ![]() |
Dáta | |
Inscne | baineann ![]() |
Muintir | |
Céile | luach ar iarraidh ![]() |
Máthair | Metis ![]() |
Athair | Iúpatar ![]() |
Eile | |
Cuid de | Dii Consentes (en) ![]() ![]() |
Smacht | ceardaí, trade (en) ![]() ![]() |
Siombail | Farnese Minerva (en) ![]() ![]() ![]() |
Comhionann | Aitéiné, Senuna (en) ![]() ![]() |

Is í Minéirve[1] nó Mineirve[2] (Laidin: Minerva) dia na heagna, na n-ealaíon, na cogaíochta straitéisí, agus chomh maith cosantóir na Róimhe agus pátrún na gceardaithe sa mhiotaseolaíocht Rómhánach. Tá sí ar aon dul le hAitéiné, sa mhiotaseolaíocht Heilléanach.
Teidil agus róil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag eascairt as dia Iodálach na gealaí darb ainm *Meneswā (“ise a thomhaiseann”), ghlac na hÉatrúscaigh leis an ainm Sean-Laidine *Menerwā, agus thugadar Menrva uirthi. Meastar go bhfuil a hainm Rómhánach, Minerva, bunaithe ar an miotaseolaíocht Éatrúscach seo. Ba í macasamhail Éatrúscach Aitéiné na Gréige. Cosúil le hAitéiné, phléasc Minéirve ó cheann a hathair, Iúpatar (Séas na Gréige), a d'alp a máthair (Metis) in iarracht nár éirigh léi a breith a chosc.
Dar leis an interpretatio Romana, deirtear go bhfuil gaol idir Minéirve, Tyche/Fortuna, Victoria agus Brid as miotaseolaíocht na nGael, cé gur pearsana éagsúla iad féin.
Adhradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teampaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cnoc an Chaipeatóil sa Róimh.