Leo Esaki
Cuma
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 江崎玲於奈 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 12 Márta 1925 99 bliana d'aois Takaida |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Thóiceo Ollscoil Kiótó Third Higher School (en) |
Áit chónaithe | an tSeapáin |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir |
Fostóir | Ollscoil Kiótó Ollscoil Kwansei Gakuin Sony Yokohama College of Pharmacy (en) Institiúid Teicneolaíochta Shibaura Ollscoil Tsukuba IBM Thomas J. Watson Research Center (en) |
Ball de | |
Teangacha | An tSeapáinis |
Gradam a fuarthas
| |
Fisiceoir a rugadh in Ósaca na Seapáine is ea Reona Esaki nó Leo Esaki (12 Márta 1925). Agus é ag obair i gcomhlacht Sony i 1957 cheap sé dé-óid Esaki (an dé-óid tolláin), feiste leathsheoltach a úsáideadh go forleathan i ríomhairí leictreonacha is córais mhicreathonnacha.
Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí.
Roinn sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1973 le Ivar Giaever is Brian Josephson as an saothar ar fheiniméin tolláin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leo Esaki". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |