Lúpas eiritéamach sistéamach
Cuma
Galar ainsealach athlasta ilchóras is ea Lúpas eiritéamach sistéamach, a chuireann isteach ar fhíocháin tacaíochta ar fud na colainne. Tarlaíonn an galar 10 n-oiread níos minice i mná ná fir.
Ní fios go cruinn cad is bun leis, ach is sainchomhartha é ar chuid mhaith féinantashubstainí a bheith sa bhfuil.
Tosaíonn sé timpeall 20-40 bliain d'aois, agus téann ar aghaidh de réir a chéile. Déanann solas na Gréine is roinnt drugaí an galar níos measa.
Tréithe samhlachtúla de is ea
- gríos ar an aghaidh a dháiltear ar chruth féileacáin trasna na leicne is na sróine,
- airtríteas a bhaineann leis na hailt bheaga,
- cliseadh na nduán, ainéime, sreabhán mórthimpeall an chroí
- is na scamhóg, fiabhras, cailliúint meáchain, agus tuirse.
Déantar cóireáil air le stéaróidigh agus drugaí imdhíonachosctha.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ MedicineNet: Systemic Lupus (cont.) Curtha i gcartlann 2009-12-20 ar an Wayback Machine Last Editorial Review: 2009-01-30
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lúpas eiritéamach sistéamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |