John Snow
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Márta 1813 Eabhrac (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Bás | 16 Meitheamh 1858 45 bliana d'aois Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
Áit adhlactha | Reilig Brompton |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Westminster Hospital Medical School (en) Ollscoil Londan |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis, eipidéimeolaí, ainéistéiseolaí |
Teangacha | Béarla |
Lia ab ea John Snow (15 Márta 1813 - 16 Meitheamh 1858) a raibh dlúthbhaint aige le cúrsaí sláinte phoiblí i Londain (a bhí buailte le calar sa bhliain 1854). Laoch mór i bhforbairt leighis ab ea é.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh is tógadh Snow in Eabhrac, Sasana. Ba é an duine is sine de naonúr clainne é. D'oibrigh a athair mar sclábhaí.
Bhí sé ina phrintíseach, in aois a ceathair déag, ag máinlia, darb ainm Thomas Harding i Newcastle on Tyne. I 1836 thosaigh sé a chuid staidéir sa scoil leighis Hunterian i Londain.
Sa bhliain 1838 cláraíodh é mar bhall de Coláiste Ríoga na Máinlianna i Sasana. Bronnadh céim air i 1844 agus bhain sé ballraíocht amach i gColáiste Ríoga na Lianna i 1850.
D’fhoghlaim sé conas ainéistéise a úsáid ó na Meiriceánaigh agus bhí inniúlacht mhaith aige sa chleachtadh sin. Thug sé éitear don bhanríon Victoria dhá uair is í i luí seoil.
Dob é an cur chuige a tharraing an clú is mó air áfach ná a choincheap gurb iad bitheoga ba chúis leis an calar, in áit thruailliú aeir (tuairim a bhí fairsing fán am sin).
Sa bhliain 1854 bhí briseadh amach ollmhór de chalar i Soho i Londain. Mar gheall ar staidéar cruinn agus anailís staitistiúil, chruthaigh Snow gurb í an fhoinse uisce a bhí ag scaipeadh an ghalair. Rinne sé éacht nuair a cuireadh stop leis.
D’fhoilsigh sé cur síos amháin in 1849, agus tar éis an briseadh amach i Soho in 1855, d’fhoilsigh sé aiste níos mó (On the Mode of Communication of Cholera an teideal a bhí uirthi).
Bhuail stróc é ar 10 Meitheamh 1858, agus fuair sé bás sé lá níos déanaí, in aois 45 dó.