Jump to content

Hazel Lavery

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHazel Lavery

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1880
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Eanáir 1935
54 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Putney Vale Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, mainicín Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileEdward Trudeau
John Lavery (1909–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlice Trudeau
 ( Edward Trudeau) Cuir in eagar ar Wikidata


Find a Grave: 6532987 Cuir in eagar ar Wikidata

Ealaíontóir, mainicín, aisteoir, agus péiceallán ab ea Hazel Lavery (a rugadh ar an 14ú lá de Mhárta 1880 in Chicago, Illinois agus a d'éag ar an 1 Eanáir 1935 i Londain).[1][2]

Hazel Lavery mar Chaitlín Ní Uallacháin ar na nótaí bainc in Éirinn sa 20ú haois

B'é Edward Martyn (1846–1897) a hathair. Bhí sé ina leasuachtarán ar an gcomhlacht ‘Armour & Co’. Ba í Alice Martyn a máthair. Ní raibh ach siblín amháin aici, Dorothea Hope Martyn an t-ainm a bhí uirthi. Fuair Dorothea bás nuair a bhí sí fiche is a trí bliana d’aois.  

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Hazel an Dr. Edward Livingston Trudeau ach fuair sé bás cúig mhí ina dhiaidh sin. Bhí iníon amháin acu darbh ainm Alice Trudeau. Ar an 21 Iúil 1909 ag an Brompton Oratory[3] (Caitliceach) phós Hazel John Lavery, ealaíontóir agus portráidí as Béal Feirste, a bhí 24 bliain níos sine.[4] Chas siad lena chéile in 1903 sa Bhriotáin nuair a bhí sí fós geallta le Trudeau.[1]  Ní raibh máthair Hazel sásta ar bith le Lavery ach d'éag sí i Meitheamh 1909, agus phós Hazel agus John cúpla seachtain níos déanaí.[5][6]

Na nótaí bainc

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh Chogadh na Saoirse, cheap rialtas an tSaorstáit go raibh airgeadra nua de dhíth. Choimisiúnaigh an rialtas John Lavery chun an nóta bainc a dhearadh in 1928. D'athshaothraigh sé pictiúr de Hazel i riocht Caitlín Ní Uallacháin, pearsantú baineann ar Éirinn. Bhí an pictiúr críochnaithe i gceann coicíse, agus baineadh úsáid as ar nótaí bainc in Éirinn ó 1928 go dtí na 1970idí.

Fuair Hazel bás ar an 3ú lá de mhí Eanáir 1935.[7]

  1. 1.0 1.1 Sinéad McCoole (2009-10). "Lavery, Lady Hazel". Dáta rochtana: 2024-02-06.
  2. "Lavery, Hazel | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  3. "Brompton Oratory" (as en) (2024-05-01). Wikipedia. 
  4. The New York Times (1909-07-22). "HAZEL MARTYN TRUDEAU WEDS; Chicago Woman Marries John Lavery, the Artist, in London." (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  5. "Hazel A Life of Lady Lavery 1880-1935 by Sinéad McCoole" (en-US). Writing.ie. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  6. Philip Nolan (23 Iúil 2013). "LADY LAVERY AND THE LOVE AFFAIR SHE HAD TO HIDE". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  7. "Lady Hazel Lavery, wife and muse of artist Sir John Lavery." (Deireadh Fómhair 1996).