Hans Adolf Krebs
Cuma
Fiseolaí a saolaíodh i Hildesheim na Gearmáine ab ea Sir Hans Adolf Krebs (25 Lúnasa 1900 – 11 Samhain 1981). Rinne sé taighde chun na próisis meitibileachta i gcórais bhitheolaíocha a léiriú. Ainmnítear timthriall Krebs as, sraith imoibrithe bithcheimiceacha i gcórais bhitheolaíocha a fhuasclaíonn cuid mhaith fuinnimh trí ocsaídiú na gcarbaihiodráití, na saille is na bpróitéiní sa chothú. Tugtar timthriall an aigéid chitrigh air seo freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hans Adolf Krebs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 388.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |