Gréagóir Potemkin
Ba cheannaire míleata Rúiseach, státaire, duine uasal agus an té ab ansa le Caitríona II na Rúise é Gréagóir Aleksandrovich Potemkin-Tauricheski,[1][2][3]. (Rúisis: Григо́рий Алекса́ндрович Потёмкин-Таври́ческий, 30 Meán Fómhair 1739 - 16 Deireadh Fómhair 1791). Fuair sé bás le linn idirbheartaíochta faoi Chonradh Jassy, a chuir deireadh leis an gcogadh in aghaidh na hImpireachta Otamánaí a raibh maoirseacht déanta aige air.
Rugadh Potemkin i dteaghlach úinéirí talún uasal meánioncaim. Mheal sé gnaoi an bhanimpire Caitríona ar dtús as cuidiú léi ina coup d'état sa bhliain 1762, ansin tharraing sé clú air féin mar cheannasaí míleata sa Chogadh Rúis-Turcach (1768–1774). D'éirigh Caitríona agus Gréagóir mór lena chéile, ina leannáin, an duine ab fhearr léi agus b’fhéidir a fear céile. Tar éis a phaisean a mhaolú, d’fhan sé ina chara léi ar feadh an tsaoil agus a státaire ab fhearr. Fuair Caitríona an teideal Phrionsa Impireacht Naofa na Róimhe dó agus bhronn sí an teideal Phrionsa Impireacht na Rúise air, i measc go leor eile: bhí sé ina Ard-Aimiréil araon agus ina cheann ar fhórsaí talún agus neamhrialta uile na Rúise. I measc éachtaí Potemkin tá ionghabháil shíochánta na Crimé (1783) agus bua na Rúise sa dara Cogadh Rúis-Turcach (1787–1792).
Fuair sé bás sa bhliain 1791 agus tar éis do Chaitríona sochraid mhór a eagrú dó, cuireadh é in ardeaglais Naomh Caitríona i gcathair Kherson san Úcráin. Tar éis sin bogadh a chorp naoi n-uair, an t-am deireanach sa bhliain 2022, nuair a thóg fórsaí ionraidh na Rúise a chorp as an uaigh agus chuir siad chuig an Rúis é.