Jump to content

Gráinne Seoige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGráinne Seoige
Beathaisnéis
Breith5 Samhain 1973
51 bliana d'aois
an Spidéal, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínSíle Seoige

IMDB: nm1482294 Twitter: grainne_seoige Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreoir teilifíse Éireannach í Gráinne Seoige (a rugadh ar an 5 Samhain 1974 sa Spidéal) ar an stáisiún náisiúnta RTÉ. Bhí sí ar Sky News Ireland, TV3 roimhe sin agus TG4 roimhe sin arís. Is í Síle Seoige a deirfiúr.

Thosaigh sí ina gairm mar chraoltóir i 1996 nuair a cuireadh Teilifís na Gaeilge (TnaG/TG4) ar bun.

Bhí an Seoigeach san iomaíocht san Olltoghchán 2024 i nGaillimh Thiar agus tacaíocht aici ó cheannasaíocht Fhianna Fáil.[1][2][3] Bhí sí curtha as an áireamh i ndiaidh an naoú comhaireamh agus 3,162 vóta aici le haistriú.[4] Shéan sí gur chaith Fianna Fáil go fabhrach léi. “Is as an Spidéal i gConamara mise. Tógadh ansin mé. Is as Ros Muc m’athair, is as Inis Meáin mo mháthair. Is páirt den áit seo mise agus ní raibh aon pharasiúit i gceist."[5][6][7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  2. Máirtín Ó Catháin (16 Lúnasa 2024). "An í Gráinne Seoige an Máire Geoghegan-Quinn nua i nGaillimh Thiar?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
  3. RnaG (2024-10-08). "Gráinne Seoige, iarrthóir Fhianna Fáil, Gaillimh Thiar." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-23.
  4. "TUAIRISC BHEO: Os cionn 100 iarrthóir tofa chun an 34ú Dáil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-01). Dáta rochtana: 2024-12-01.
  5. “Muintir na háite seo a thug ainmniúchán domsa. Bhí mé ag gabháil thart le mí agus chas mé ar na toscairí ina gcuid tithe. Chuaigh mé go dtí an coinbhinsiún. Thogh baill Fhianna Fáil sa dáilcheantar seo mé le seasamh san olltoghchán agus diúltaím ar fad don chaint sin gur paraisiútáladh isteach anseo mé,” a dúirt Seoige agus í ag labhairt leis na meáin san ionad comhairimh i mBóthar na Trá.
  6. "TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-02). Dáta rochtana: 2024-12-02.
  7. Youtube / Tuairisc (2024-12-01). "Gráinne Seoige".