Feadán Venturi
Cuma
Fearas chun ráta sreafa sreabháin (an toirt sreafa in aghaidh an tsoicind) i bhfeadán a thomhas. Déantar caolú slim sa bhfeadán, agus tomhaistear an difríocht brú sa bhfeadán idir pointe roimh an gcaolú (thuas an sreabhadh) is pointe an chaolaithe. Is tomhas ar a ráta sreafa an difríocht brú seo, agus is féidir í a chalabrú ina m3 s-1. Ainmnithe as Giovanni Battista Venturi (1746-1822). Baintear feidhm as i gcarbradóir inneall dócháin inmheánaigh agus ar eitleáin chun a luas a thomhas.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feadán Venturi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 697.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |