Fíochán feadánach
Cuma
Na fíocháin, idir xiléim is fhléam, a iompraíonn uisce, mianraí is súlach trí phlanda, agus a chuireann leis an tacaíocht inmheánach ann. Cumann siad tointí tanaí a dtugtar burlaí feadánacha orthu, an xiléim ar an taobh istigh, an fléam ar an taobh amuigh, agus ciseal caimbiam eatarthu a ligeann d'fhás tánaisteach na bhfíochán feadánach. Bíonn na burlaí seo scaipthe ar fud an ghais, nó eagraithe ina bhfáinne i gcrann. I gcrann is tom, cruinníonn na burlaí le chéile i ndeireadh báire chun banda a chruthú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fíochán feadánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |