Jump to content

Eva Braun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEva Braun

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Eva Anna Paula Braun Cuir in eagar ar Wikidata
6 Feabhra 1912
München Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Aibreán 1945
33 bliana d'aois
Führerbunker Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Nimhiú ciainíde)
Áit adhlacthaluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreGrianghrafadóireacht
Suíomh oibre Gearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgrianghrafadóir, photo lab technician (en) Aistrigh, mainicín Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirHeinrich Hoffmann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéileAdolf Hitler (1945–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAdolf Hitler (1945–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFriedrich Braun  agus Franziska Braun
SiblínGretl Braun agus Ilse Braun
Duine muintearthaHermann Fegelein (deartháir céile)
Paula Hitler (deirfiúr chéile)
Angela Hitler (deirfiúr chéile)
Ida Hitler (deirfiúr chéile)
Otto Hitler (deartháir céile)
Gustav Hitler (deartháir céile)
Alois Hitler, Jr. (deartháir céile)
Edmund Hitler (deartháir céile)
Klara Pölzl (máthair chéile)
Alois Hitler (husband's father (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0105751 Find a Grave: 4709 Cuir in eagar ar Wikidata
Eva Braun agus Adolf Hitler taobh amuigh den Berghof

B'í Eva Anna Paula Braun (6 Feabhra 191230 Aibreán 1945) bean chéile Adolf Hitler. Níor phós siad ach ar an 29 Aibreán 1945, nuair a bhí an tArm Dearg ag cúngú orthu. An lá arna mhárach, chuir Hitler agus Braun lámh ina mbás féin.

Eva nuair a bhí sí óg

Fuair Eva Braun oiliúint i scoil trádála agus chuaigh sí ag obair ina cúntóir do Heinrich Hoffmann, grianghrafadóir Hitler. Ansin a fuair sí aithne ar Hitler, an chéad uair sa bhliain 1929, nuair a bhí sí seacht mbliana déag d'aois, agus théadh Hitler agus sise chuig na pictiúirí uaireanta.

Níor thosaigh an cumann grá dháiríre roimh an mbliain 1932, nuair a chuir neacht Hitler, Angela "Geli" Raubal, lámh ina bás féin. D'fhág a bás siúd Hitler go mór faoi léan, agus ansin, chuir Eva an chuma ar an scéal go raibh sí féin meáite ar fhéinmharú a dhéanamh. D'éirigh Hitler chomh buartha fúithi, ansin, nach scarfadh sé léi a thuilleadh.

Hitler agus Eva Braun, 1942. Ní raibh aon chlann acu.

Duine neamhpholaitiúil go hiomlán ab ea Eva Braun, agus ní cheisteodh sí polasaithe Hitler. B'iad an faisin, na scannáin agus an ceol na rudaí ba mhó ba suim léi.

Cé go raibh cumann grá acu ón mbliain 1932 i leith, níor phós siad roimh Aibreán 1945. Ceann de na cúiseanna a luaitear leis sin is ea go raibh eagla ar Hitler go gcaillfeadh sé vótaí na mban sna toghcháin, nó go gcaillfeadh sé a ngnaoi nuair a bhí sé ina dheachtóir.[1]

Chuir Hitler agus Braun lámh ina mbás féin ar an 29 Aibreán 1945, Shlog Braun agus Hitler ciainíd, is cosúil agus ansin scaoil Adolf urchar leis féin ar eagla na heagla. Cuireadh na coirp trí thine ansin

  1. Milan Hauner (2008). "Hitler" (as en-gb). doi:10.1057/9780230584495.