E. T. A. Hoffmann
Scríbhneoir, cumadóir, sceitseálaí, dlíodóir, oifigeach cúirte agus breitheamh de chuid na Gearmáine ba ea Ernst Theodor Wilhelm Hoffmann (24 Eanáir 1776 – 25 Meitheamh 1822), ar fearr aithne air mar a ainm cleite E.T.A. Hoffmann.
Dlíodóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as cúlra dlí a fuineadh Hoffmann; rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Königsberg. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fásta i sraith post mar dhlíodóir faoi oiliúint nó mar oifigeach i gcúirteanna nó i gcomhlachtaí riaracháin i Königsberg, Glogau (Głogów faoi láthair), Posen (Poznań faoi láthair), Płock, Vársá agus Beirlín, diomaite den tamall a chaith sé mar bhainisteoir amharclainne, léirmheastóir drámaíochta agus drámadóir idir 1808 agus 1814.[1]
Sa dara bliain a fuair sé obair sa Kammergericht i mBeirlín agus, sa bhliain 1816, post mar bhreitheamh ar an gcúirt sin, a bhí aige go dtí go bhfuair sé bás.
Mar sin, bhí sé ina bhall de choimisiún imscrúdúcháin i dtaobh daoine a bhí ag cur in éadan rialtas na Prúise. Mar gheall ar an gcodarsnacht idir a phost oifigiúil, ar lámh amháin, agus an bá a bhí aige leis an bhfreasúra agus a chuid scríbhinní aoracha, ar an lámh eile, bhí sé dlite i mbeart smachta, ach bhain a phairilis fhorchéimnitheach mharfach na cosa den bheart sin.
Tá rian a chuid oibre mar bhreitheamh ar roinnt dá chuid saothar, go mór mór ar Das Fräulein von Scuderi (1819) atá suite i bPáras faoi Louis XIV.
Scríbhneoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó cheann ceann a shaoil oibre, lean Hoffmann ar aghaidh lena chuid oibre mar scríbhneoir, cumadóir, maisitheoir is léirmheastóir. Ar an mbealach sin, tháinig sé chun tosaigh mar dhuine de na pearsana ag lár an Rómánsachais Ghearmánaigh, agus tionchar faoi leith aige ar scríbhneoirí ina dhiaidh sin i seánraí na fantaisíochta agus an uafáis.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Hoffmann Mischa (Maria nó Marianna Thekla Michalina Rorer / Trzcińska) sa bhliain 1802. Tugtha don ól agus cliúsaí ban, bhuail an tsifilis é. D'éag Hoffmann i mBeirlín ar 25 Meitheamh 1822.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "E. T. A. Hoffmann". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "E. T. A. Hoffmann bibliography" (as en) (2021-01-19). Wikipedia.