Colette Nic Aodha
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1967 56/57 bliana d'aois Sruthair, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Éireannach is ea Colette Nic Aodha. Tá clú agus cáil bainte amach aici as a as a stíl "géar agus amannta, greannmhar".[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Sruthar, Contae Mhaigh Eo, a rugadh agus tógadh Colette Nic Aodha. D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile i gcathair na Gaillimhe agus bhain céim sa Ghaeilge agus sa Stair amach. Rinne sí an tArdteastas san Oideachas agus fuair post mar mhúinteoir meánscoile i gColáiste na Toirbhirte in Áth Cinn, Contae na Gaillimhe, an mheánscoil ar fhreastail sí féin uirthi. Tá sí i mbun mistreachta sa Nua-Ghaeilge faoi láthair in ollscoil chathair na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí féin agus a triúr mac ina gcónaí i nGaillimh.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dánta lé Nic Aodha i nduanairí Field Day, IV agus V agus in The white page / An bhileog bhán: twentieth century Irish women poets (Salmon, 1999) curtha in eagar ag Joan McBreen. Ghnóthaigh sí duais i bhFéile Filíochta Dhún Laoghaire sa bhliain 1993. Foilsíodh gearrscéalta dá cuid sna hirisí Comhar agus Feasta agus sa nuachtán Lá.
Scríobhann sí i mBéarla freisin agus foilseofar cnuasach nua Béarla, The Peeling of the Skin (Arlen House), i mbliana.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oíche Nollag na mBan sa bhFásach (Coiscéim 2014)
- In castlewood : an ghaoth aduaidh (Syracuse University Press 2012)
- Áilíos (Coiscéím 2010)
- Raiftearaí i gceartlár a dhaoine san aonú haois is fiche (Coiscéim, 2009)
- Ainteafan (Coiscéim, 2008)
- Bainne Gear : Sour Milk (The Home Place, 2006)
- Between Curse/Bainne Géar (Arlen House, 2006)
- Sundial (Arlen House, 2005)
- Ádh Mór (Coiscéim, 2004)
- Gallúnach-ar-Rópa (Coiscéim, 2003)
- Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000)
- Baill Seirce (Coiscéim, 1998)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-11. Dáta rochtana: 2009-09-10.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Galway Indpendent, i nGaeilge Curtha i gcartlann 2008-10-11 ar an Wayback Machine
- Irish Writers Online, i mBéarla Curtha i gcartlann 2008-08-21 ar an Wayback Machine