Charles Schumer
Is é Charles Ellis "Chuck" Schumer (a rugadh ar 23 Samhain 1950) Seanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Stát Nua-Eabhrac. Is ball den Páirtí Daonlathach é. Rugadh é i mBrooklyn, Nua-Eabhrac i dteaghlach Giúdach de bhunús Oirthear na hEorpa. D’fhreastail sé ar scoileanna poiblí i mBrooklyn agus fuair sé scór 1600 san SAT, is é sin scór foirfe sa scrúdú iontrála ollscoileanna sna Stáit Aontaithe. Bhain sé céim baitsiléara amach ó Choláiste Harvard agus ansin, sa bhliain 1974, bronnadh céim Juris Doctor le honóracha air ón scoil dlí ag Ollscoil Harvard. Ar ais i Nua-Eabhrac dó, d’éirigh leis i scrúdú an bharra go luath sa bhliain 1975 ach níor chleacht sé an dlí ariamh. Chuaigh sé leis an pholaitíocht ina áit sin.
Toghadh Schumer do Theach Ionadaithe Stát Nua-Eabhrac i gcomhar trí théarma (1975–1980), do Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe in Washington, D.C. i gcomhair 16ú ceantar Comhdhála Nua-Eabhrac le haghaidh naoi dtéarma (1981–1999), agus do Sheanad na Stát Aontaithe faoi thrí (1999 go dtí an lá inniu). Tá tuairimí liobrálacha aige ach tá seasamh láidir aige freisin ar son na sábháilteachta i gcúrsaí idirnáisiúnta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- United States Senator Charles E. Schumer Suíomh Chuck Schumer ag Seanad na Stát Aontaithe
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |