Charles Michel
Charles J. Y. Gh. Michel (Fraincis: [ʃaʁl mi.ʃɛl]; 21 Nollaig 1975 a rugadh é) Is polaiteoir Beilgeach de bhunús na Vallúine é, a fheidhmíonn mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi láthair (ón 1 Nollaig 2019 i leith). Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.
Mac Louis Michel é, polaiteoir suntasach eile sa Bheilg. Ceannaire an pháirtí liobrálaigh Mouvement Réformateur (MR) ab ea é ó mhí Feabhra 2011 go dtí gur roghnaíodh mar Príomh-Aire é ar an 11 Deireadh Fómhair 2014. Is Michel an Príomh-Aire is óige a bhí ag an mBeilg le breis is 150 bhliain.
Tus a Ghairme
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Michel i Namur na Vallúine. Dhírigh sé a aird ar chúrsaí polaitíochta den chéad uair ag aois 16 bhliana déag nuair a chláraigh sé leis na Liobrálaigh Óige de Jodoigne (Jeunes Réformateurs Libéraux de Jodoigne); bhí a athair tófa mar mhéara Jodoigne ó 1983 ar aghaidh. I 1994, agus é 18 mbliana déag, toghadh mar chomhairleoir proibhinse i mBrabant na Vallúine é.
Sular glaoíodh chun barra na Bruiséile é, bhain sé céim amach sa dlí ó Shaor-Ollscoil na Bruiséile agus ó Ollscoil Amstardam.[1]
Labhraíonn sé Ollainnis liofa óir go ndearna sé staidéar in Amstardam, agus labhraíonn sé Fraincis mar mhatháirtheanga.
A Ghairm Pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Michel do Theach na nIonadaithe den chéad uair i 1999, ach atoghadh é gach bliain ina dhiaidh. Is ionadaí do Bhrabant na Vallúíne é, áit a fhaigheann na liobrálaigh, Mouvement Réformateur, an-chuid tacaíocht uaithi.
I 2000, roghnaíodh mar Aire Gnóthaí Baile é sa Rialtas Vallúnach. Ag aois 25 bhliana, eisean a bhí ar an Aire ab óige i stair na Beilge.
Ar leibhéal áitiúil, toghadh ina chomhairleoir cathrach é i Wavre i 2000. Sa bhliain 2006, roghnaíodh é mar mhéara na cathrach.
I Nollaig 2007, roghnaíodh Michel mar Aire Comhoibriú um Fhorbairt na Beilge mar chuid den Rialtas Verhofstadt III, agus ina dhiaidh, roghnaíodh mar bhall den Rialtas Leterme I, de rialtas Van Rompuy I, agus de Rialtas Leterme II é.
I 2009, d'adhmhaigh Michel gur thug raitis de chuid an Phápa Beinidict XVI scannal dó, ráitis a dhearbhaigh go raibh coiscíní ina gcúis scaipeadh SEIF. Dúirt Michel go raibh an raiteas ón Phápa "uafásach, scannalach agus rascánta, fiú."
Michel an chéad Príomh-Aire a bhfuil Fraincis mar mháthairtheanga aige a toghadh díreach i ndiaidh Príomh-Aire eile le Fraincis ó dhúchais aige le beagnach 50 bliain. Tharla sé don chéad uair sa Bheilg nuair a tháinig Pierre Harmel i gcomharbacht ar Paul Vanden Boeynants.
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.[2]
A Shaol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imríonn Charles Michel leadóg agus scuais mar chaitheamh aimsire, agus liostaíonn sé croquettes aux crevettes (cróicéad le séaclaí, sneaic choitianta sa Bheilg) mar an bia is fearr leis.[3]
Onóracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://premier.fgov.be/en/biography
- ↑ "Beathaisnéis Charles Michel" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ https://www.linkedin.com/in/charles-michel-314a4547
- ↑ arrêtés royaux du 21 mai 2014