Is í Brasíliapríomhchathair na Brasaíle. Tógadh i lár na tíre mar chathair phleanáilte sna caogaidí í, agus na ceantair thithíochta leagtha amach mórthimpeall ar an gceantar riaracháin agus ambasáidí.
B'é an tUachtarán Juscelino Kubitschek a chinn ar chathair phleanáilte a thógáil i gcroílár na tíre, le baint den dóigh a raibh Rio de Janeiro ag sú acmhainní daonna agus nádúrtha na Brasaíle i leataobh, agus na réigiúin eile á bhfágáil faoi leatrom. B'iad Lúcio Costa, Oscar Niemeyer, agus Roberto Burle Marx a dhear an chathair. Go bunúsach, b'é Costa a rinne an leagan amach, agus b'as peann Niemeyer a tháinig na foirgnimh phoiblí. Thit sé ar chrann Marx radharcraí na cathrach a dhearadh. Thosaigh na hoibreacha tógála sa bhliain 1956, agus tháinig deireadh leo ceithre bliana ina dhiaidh sin, nuair a hathraíodh feidhmeanna na príomhchathrach ó Rio de Janeiro go Brasília.
Brasília: radharc ón spás
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.