Anno Domini
Is é is brí leis na focail Laidine Anno Domini (nó Anno Domini Nostri Iesu Christi) ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar A.D., AD nó IC (Iar-Chríost) a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le huimhir na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost. Is í an bhliain 1 an chéad bhliain sa chóras seo, agus níl aon bhliain 0 ann.
Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothuithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.
As Gaeilge, is féidir na litreacha "A.D." a léamh amach mar "d'aois ár dTiarna". Cé gur gnách gan an t-alt a úsáid sa Ghaeilge roimh ainmfhocail a dtagann uimhir ar a lorg - "teach a dó", "seomra a trí" a deirtear, mar shampla - is í an ghnáthúsáid i litríocht na Gaeltachta féin scinneadh ón nós seo nuair atá uimhreacha na mblianta i gceist. Mar sin, "sa bhliain 2006" an leagan is fearr, in áit "i 2006" nó "i mbliain a 2006", cé nach mbeadh ach an leagan deireanach ag freagairt do ghnáthnósanna uimhriúcháin na Gaeilge.
Na blianta roimh bhreith Chríost, cuirtear "r. Chr." leo sa Ghaeilge. Is ionann sin agus "BC" a fheictear sa Bhéarla.
Stair Anno Domini
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chéad cheithre chéad bliain de Ré na Críostaíochta, bhítí ag baint úsáide as an bhféilire Rómhánach, ach nuair a tháinig meath ar Impireacht na Róimhe, theastaigh córas eile ó na daoine leis na blianta a chomhaireamh. Sa bhliain 525, chuaigh an manach Rómhánach Dionysius Exiguus i dtuilleamaí an eolais a bhí ar fáil sa Bhíobla, agus is é an tátal a bhain sé as ná gur rugadh Íosa 525 bliana roimhe sin.
Dar le beagnach gach fear léinn sa lá atá inniu ann go raibh sé mícheart. Is é an meastachán atá acu ná gur saolaíodh an Slánaitheoir idir an bhliain 8 RC agus an bhliain 4 RC.