Amharc boinn ghoirm
Cuma
Bealach chun íomhánna a chuingriú i gcineamatagrafaíocht is teilifís trí chodanna den ghníomhú sa réamhionad a ghlacadh os comhair boinn ghil ghoirm, agus ansin forshuite ar an amharc cúlionaid a taifeadadh le ceamara eile. I bpictiúir reatha is gá dearbhchlóbhualadh casta a dhéanamh sa tsaotharlann, ach sa teilifís is féidir é a dhéanamh go leictreonach leanúnach. Leis an teicníocht seo is féidir raon leathan iomrall a bhaint amach: mar shampla, an dealramh a chur ar an scéal go bhfuil aisteoirí, atá le fírinne sa stiúideo, ar láthair andúchasach ar an taobh eile den Domhan, ar an nGealach, nó ag eitilt tríd an aer.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Amharc boinn ghoirm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le f��il i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |