Jump to content

Guáin na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGuáin na Fraince
Guyane (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Fert Aurum Industria» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 3° 59′ 56″ N, 53° 00′ 00″ O / 3.99886°N,52.99994°W / 3.99886; -52.99994
Stát ceannasachan Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCayenne Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán286,618 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.43 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis
Guianan Creole (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Theas
Meiriceá Laidineach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla83,534 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBellevue de l'Inini (en) Aistrigh (831 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síEquinoctial France (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú21 Márta 1946
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRegional Council of French Guiana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisRodolphe Alexandre Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.gf Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+594 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreGF Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2FR-973 agus FR-GF Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFRA3 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód INSEE973 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód réigiúin INSEE03 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinctguyane.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: CTGuyane Twitter: CTdeGuyane Instagram: ctdeguyane Cuir in eagar ar Wikidata

Is roinn thar lear (département d'outre-mer, nó DOM sa Fhraincis) de chuid na Fraince í Guáin na Fraince (Guyane française sa Fhraincis, Guyane i gceart). Tá an tír lonnaithe i oirthuaisceart Mheiriceá Theas, idir Suranam agus an Bhrasaíl, ar an gcósta Atlantach. Cé nach bhfuil sí suite san Eoraip, is cuid den Aontas Eorpach í an chríoch seo. Tá sí le feiceáil ar nótaí an euro. Is é Cayenne an phríomhchathair. Tá 229,000 éigin duine ina gcónaí i nGuáin na Fraince (meastachán ó INSEE a rinneadh sa bhliain 2010).[1] Tá lárionad spáis Eorpach in Kourou ar an gcósta siar ó Chayenne. Is í an Fhraincis teanga oifigiúil na roinne agus tá fásteanga Ghuáin na Fraince á labhairt go forleathan ann chomh maith. Thairis sin tá Béarla, Spáinnis, fásteangacha eile (cosúil leis an teanga Saamaka nó Saramacca, atá bunaithe ar an mBéarla) agus teangacha bundúchasacha Meiriceánacha cosúil leis an teanga Arawak le cloisteáil, ach is í an Fhraincis an teanga ardstádais ar fud an réigiúin.

Tá vóta ag muintir Ghuáin na Fraince i dtoghcháin uachtaránachta na Fraince. I dtoghcháin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 64.9% % ar son Emmanuel Macron agus chaith 35.1% vóta ar son Marine Le Pen. Vótáil 41.9% de mhuintir na hoileáin sa toghchán is déanaí ach bhí 4% do na vótaí millte agus bhí 9.2% eile bán.

Is í Guáin na Fraince an roinn is mó atá ag an bhFrainc - ó thaobh an achair de tá sí níos mó ná aon seachtú cuid den Fhrainc Eorpach féin. I gcomparáid leis an achar seo áfach, tá an daonra an-bheag, agus duine as gach beirt ina chónaí i réigiún na príomhchathrach, Cayenne. Tá Guáin na Fraince á rialú ag an tionól ionadaíoch ar a dtugtar Assemblée de Guyane, a tháinig i gcomharbas ar chomhairle na ranna agus comhairle an réigiúin.