Dáil Éireann
33ú Dáil | |
Cineál | |
---|---|
Cineál | Teach íochtair den Oireachtas |
Ceannairí | |
Ceann Comhairle (President) | Seán Ó Fearghaíl, (FF) ón lá 10 Márta 2016 |
Struchtúr | |
Baill | 160 |
Páirtithe polaitíochta | Rialtas (80)
Freasúra (79)
Uachtarán an Dlísheomra
|
Toghchán | |
Córas vótála | Aonvóta inaistrithe |
Toghchán deireanach | 8 Feabhra 2020 |
Áit chruinnithe | |
Teach Laighean | |
Suíomh Gréasáin | |
oireachtas.ie |
Is í Dáil Éireann teach íochtarach an Oireachtais, an pharlaimint i bPoblacht na hÉireann. Is í an chraobh is treise san Oireachtas í, agus i bhfad níos mó cumhachta aici ná mar atá ag an teach uachtarach, Seanad Éireann. In éineacht leis an tSeanad ritheann sí dlíthe a thagann i bhfeidhm má chuireann an tUachtarán a lámh leo, ach is féidir leis an Dáil neamhthoil an tSeanaid a shárú agus ní mór don Uachtarán glacadh le Bille atá rite ag an Oireachtas ach amháin má fheictear dó gur sárú ar an Bhunreacht atá ann. Is í an Dáil a ainmníonn Taoiseach lena cheapadh ag an Uachtarán.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruinníonn an Dáil i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922. Ach bunaíodh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach í, a bunaíodh an lá ar bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír.
B'é an Dara Dáil (in 1922) a bhí i bhfeidhm nuair a vótáil an Dáil ar son an Chonradh Angla-Éireannach i 1922, B'é an Tríú Dáil an chéad Dáil a toghadh faoi chóras an chonartha sin, i 1922 chomh maith. Mar gheall ar a n-easaontú leis an gConradh, staon na frith-chonraitheoirí ón Tríú Dáil (1922-1923) agus ón gCeathrú Dáil (1923-1927), ach scar páirtí nua, Fianna Fáil, ó na frithchonraitheoirí eile i Sinn Féin sa bhliain 1926 ionas go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa Dáil faoi chóras an chonartha, agus ghlac an páirtí sin suíocháin i nDáil Éireann sa Chúigiú Dáil (1927) agus i ngach Dáil ina diaidh.
Leagadh amach ról bunreachtúil na Dála mar atá faoi láthair don chéad uair i 1937, nuair a cuireadh Poblacht na hÉireann ar bun mar stát, agus bunreacht nua ag baint léi.
Aistriúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón gcéad lá cuireadh seirbhís aistriúcháin chomhuainigh (nó seirbhís ateangaireachta) ar fáil le linn shuíonna na Dála. Soláthraíodh an tseirbhís sin i Seomra na Dála i dtosach ach, ón mbliain 1991 i leith, déantar é a sholáthar ó stiúideo seachtrach a bhfuil nasc físe agus fuaime aige leis an Seomra.
Rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghtar go díreach í ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an gcóras ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe.
De réir rialacha Dháil Éireann, is féidir le cúigear Teachtaí Dála, nó níos mó, teacht le chéile mar ghrúpa teicniúil, mar a thugtar air, a fhad is gur sa fhreasúra atá siad. Tugann stádas mar ghrúpa teicniúil cead dóibh siúd atá páirteach ann rúin a chur os comhair na Dála agus dúshlán an Taoisigh a thabhairt le linn Cheisteanna na gCeannairí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dail.ie, suíomh oifigiúil as Gaeilge. Curtha i gcartlann 2007-09-27 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-17). "Neamhspleáigh ón nGrúpa Réigiúnach ag iarraidh cearta freasúra" (as ga-IE).