Eaglais Achadh Abhall
Eaglais Achadh Abhall | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Eaglais | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | ailtireacht Rómhánúil | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cúil Uí Chionaoith, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 137 | |||
Séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Mhantáin, in Éirinn, atá i bPáirc Achadh Abhall. Ciallaíonn an logainm (Achadh Abhall) réimse úlla. Bhí sé ar cheann de na heaglaisí paróiste tuaithe ba mhó dá ré.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur bhunaigh Naomh Finian, as Cluain Ioraird i gContae na hlarmhí, mainistir anseo sa 6ú céad.[1] Níl aon rian den chéad mhainistir sin fágtha. I lár an 12ú céad a tógadh an séipéal dronuilleogach cloiche atá ina sheasamh ar an láthair anois. Tá doras breá ar an taobh thiar a bhfuil lindéar comhréidh air agus múnláil Rómhánúil ar an taobh amuigh mar aon le áirse chruinn ar an taobh istigh. Sa dá fhuinneog bheaga ar an mbinn thoir tá múnlálacha cruinne húda agus colúin á dtacú ar an dá thaobh. Tá a macasamhail d'fhuinneog bheag ar an mballa ó thuaidh. Tá fuinneog eile go hard ar an mbinn thiar agus áirse rinneach uirthi. Tá beanna an tséipéil os cionn 10 méadar ar airde. Tá an chuid is mó den bhalla ó dheas atógtha. Tá sampla annamh de piscina Rómhánúil. Tá ardchros soladach gan aon mhaisiú ina seasamh ar bhonn pirimidiúil sa reilig. Tá umar nó trach eibhir in aice láimhe. Is féidir bloghanna eile cloiche a fheiceáil sa reilig, ina measc dhá bhonn croise agus iarsmaí crosleaca.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ James Graves (1883). "The Damhliag of Achadhabhall". The Journal of the Royal Historical and Archaeological Association of Ireland 6 (54): 72–85. ISSN 0790-6382.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |