Uathachas
Mí-ord le fadhbanna iompair agus teanga is ea an t-Uathachas, nó riocht ina bhfeidhmíonn duine go mínormálta in idirghníomhú sóisialta, le hiompar athdhéanta is cumarsáid fhabhtach, a thosaíonn roimh 3 bliana d'aois.
Meastar go mbaineann sé le páiste amháin as 2,000[1], agus 4 oiread níos minice i mbuachaillí ná cailíní. Ní fios cad is cúis leis, agus tá taighde, taighde géiniteach mar chuid de, ar siúl ar fud an domhain chun tuiscint a fháil air.
Tréithe
cuir in eagarBíonn raon leathan intleachtachta ag páistí uathacha, agus braitheann an toradh don pháiste ar na háiseanna foghlama a chuirtear ar fáil dó. Is féidir le 80% de na páistí cúram a thabhairt dóibh féin nuair a fhásann siad suas.
Is iad trí príomhtréithe an uathachais ná:
- Easpa idirghníomhaíocht shóisialta
- Easpa nó moill in úsáid teanga
- Suim thar fóir i rudaí ar leith
Ní mí-ord de chineál amháin atá i gceist, áfach. Labhraítear faoi speictream mí-oird an uathachais. Is féidir na mí-oird a rangú de réir cé chomh dona is atá siad. Sampaí is ea
- Uathachas leanbaí
- Siondróm Asperger
Stair
cuir in eagarB'é Leo Kanner, síciatraí páistí Ostarach a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe (agus a rugadh san Ostair i 1894), a thug an chéad chur síos ar airíonna an uathachais. D'fhoilsigh sé páipéar tábhachtach, Autistic Disturbances of Affective Contact, i 1943, agus b'é seo bunús ar staidéar eolaíoch faoin t-uathachas, in éineacht le hobair Asperger.
D'úsáid Lorna Wing an téarma "siondróm Asperger" don chéad uair i 1981. Ba phéidiatraí ón Ostair Hans Asperger a rinne an chéad chur síos ar an siondróm ina thráchtas dochtúireachta i 1944. Die Autistischen Psychopathen a thug sé air. I rith na 1940í, rinne Asperger staidéar ar ghrúpa buachaillí a bhí difriúil ó thaobh iompar pearsanta de, i gcomparáid le leanaí eile. Bhí fadhbanna teagmhála is sóisialta acu a bhí cosúil le leanaí le huathachas ach ní raibh na fadhbanna urlabhra is teanga a baineadh le huathachas acu.
Cé gurbh Ostaraigh an bheirt acu, níor bhuail siad riamh le chéile.
In Éirinn
cuir in eagarBhí imní in Éirinn faoin vacsaín MMR (Bruitíneach, Leicneach agus Bruitíneach Dhearg) tar éis "staidéar" ón Dr. Andrew Wakefield sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1998 faoin gceangal idir an t-uathachas agus an MMR. Ach ta a fhios againn nach bhfuil baint ar bith ann idir an t-uathachas agus an vacsaín[2].
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt- Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Vaxxed: From Cover-up to Catastrophe (2016) Information for parents http://www.immune.org.nz/sites/default/files/resources/Written%20Resources/ConcernVaxxedImac20170421V01Final.pdf Curtha i gcartlann 2018-02-18 ar an Wayback Machine
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |