Polagán
Sa chéimseata, de ghnáth, is éard is polagán ann ná fíor dhéthoiseach a bhíonn cuimsithe le cosán dúnta nó ciorcad, comhdhéanta de sheicheamh críochta de mhírlínte díreacha (is é sin, le slabhra polagánach dúnta). Tugtar 'imill' nó 'taobhanna' ar na codanna seo, agus tugtar 'reanna' nó 'coirnéil' ar na pointí ina gcasann dá imeall le chéile. Is éard is m-gán ann ná polagán le 'm' taobh. Tugtar 'an corp' uaireanta ar taobh istigh de pholagán. Is sampla é an polagán déthoiseach de “pholatóp” gur féidir aon líon d'uimhreacha toisí a bheith aige.
Cineál | fíor phlánach, polatóp simplí, polatóp aonphléacsach agus closed polygonal chain (en) |
---|---|
Grua an pholatóip | taobh () |
Sraith | |
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Polygon |
Má bhíonn n taobh sa pholagón, is ionann suim na n-uillinneacha inmheánacha agus (2n-4) dronuillinn nó (n-2) π. I bpolagón rialta bíonn na taobhanna uile ar comhfhad, agus is ionann na huillinneacha inmhéanacha ag gach stuaic. Is triantán comhshleasach polagón rialta le 3 thaobh. Is cearnóg ceann le 4 thaobh.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Polagón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |