Mireille Mathieu
Is amhránaí Francach í Mireille Mathieu (fuaimniú Fraincise: [miʁɛj matjø]; rugadh í ar an 22 Iúil 1946). Tá os cionn 1,200 amhrán taifeadta aici in aon teanga déag, agus tá níos mó ná 122 milliún céirnín díolta aici ar fud an domhain.
(2014, Théâtre Sébastopol) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Iúil 1946 78 bliana d'aois Avignon (an Fhrainc) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, aisteoir, siamsóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1962 – |
Seánra | Chanson agus popcheol |
Teangacha | An Ghearmáinis, an Iodáilis, an Fhraincis agus an Spáinnis |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Ariola Atlantic Records Capitol Records Polydor Records Columbia Records Philips Records |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | mireillemathieu.com |
|
Luathbhlianta
cuir in eagarRugadh Mireille Mathieu ar an 22ú Iúil 1946 in Avignon na Fraince, an iníon ba shine de theaghlach ina raibh ceithre pháiste déag. Rugadh an deartháir ba óige tar éis di bogadh go Páras. Ba as Avignon ó dhúchas é a hathair Roger agus a chlann, agus ba as Dunkerque a máthair Marcelle-Sophie (née Poirier). Chuaigh a máthair go dtí Avignon sa bhliain 1944 mar dhídeanaí ón Dara Cogadh Domhanda tar éis dá seanmháthair bás a fháil, agus chuaigh a máthair ar iarraidh. Reáchtáil Roger, in éineacht lena athair Arcade, siopa saor cloiche an teaghlaigh díreach taobh amuigh de phríomhgheata reilig Saint-Véran. Ba shaoir chloiche iad muintir Mathieu le ceithre ghlúin anuas. Sa lá atá inniu ann, is é Pompes Funèbres Mathieu-Mardoyan an t-ainm ar an siopa, agus tá sé faoi stiúir teaghlach a deirfiúr Réjane.[1] [2] [3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Mathieu, Mireille; Cartier, Jacqueline.
- ↑ “Pompes Funèbres Mathieu-Mardoyan, Christelle Mardoyan”. Dáta rochtana: 28 December 2017.
- ↑ “Toussaint: fleurir les tombes grâce à Internet”. La Provence (November 2016). Dáta rochtana: 28 December 2017.