Herman Cain
B'fheidhmeannach gnó Meiriceánach é Herman Cain (13 Nollaig 1945 – 30 Iúil 2020). Is mar uachtarán ar Godfather’s Pizza, fo-chomhlacht de chuid Pillsbury, a bhí aithne air, ach d’éirigh leis i neart gnéithe eile dá shaol óna chuid staidéar ar an matamaitic san ollscoil go dtí craoladh a chuid smaointeoireachta ar na meáin chumarsáide. Rinne Cain iarracht ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh a fháil don uachtaránacht sa toghchán ginearálta sa bhliain 2012. Ar feadh tamaill, bhí Cain ar an mbeirt chun tosaigh sna pobalbhreitheanna i measc daoine a chlaonann i dtreo an Pháirtí Poblachtánaigh: go ginearálta, d'éirigh go maith le Cain i measc lucht an "Tea Party" i gcomparáid le Mitt Romney, a rinne go maith i measc na bPoblachtánach traidisiúnta.
![]() (2011) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Nollaig 1945 Memphis, Tennessee ![]() |
Bás | 30 Iúil 2020 74 bliana d'aois Atlanta, Georgia ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (COVID-19) |
Áit adhlactha | Westview Cemetery (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Reiligiún | Baisteachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Morehouse - Baitsiléir Eolaíochta Ollscoil Purdue - Máistir Eolaíochta ![]() |
Áit chónaithe | Atlanta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió, iriseoir, duine den lucht gnó, polaiteoir, scríbhneoir ![]() |
Fostóir | The Coca-Cola Company National Restaurant Association (en) ![]() Federal Reserve Bank of Kansas City (en) ![]() Pillsbury Company (en) ![]() Godfather's Pizza (en) ![]() ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach ![]() |
Ainm cleite | Spermin' Herman The Cain Wreck Cain't Recall Cain't Remember Cain't Ever Be President The Cain Train The Hermanator Herman Munster Black Walnut The Pimp ![]() |
Teangacha | Béarla |
Croineolaíocht | |
Herman Cain presidential campaign, 2012 (en) ![]() ![]() | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | hermancain.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
I Memphis, Tennessee a rugadh Herman Cain ach ba in Atlanta, Georgia a d’fhás sé aníos. Ba iad Lenora Cain (née Davis) agus Luther Cain, Jr. a thuismitheoirí. Obair uiríseal a rinne siad ach d’éirigh leo a dteach féin a cheannach. Teaghlach "bocht sonasach" iad dar le Cain.
Ar 21 Bealtaine 2011, d’fhógair Cain go hoifigiúil go raibh sé ar lorg ainmniúcháin an Pháirtí Phoblachtaigh don uachtaránacht, cé nár toghadh é riamh do phost polaitiúil. Cuid thábhachtach san fheachtas sin aige ná an Plean 9-9-9. Faoin bplean úd, d’íocfadh gnólachtaí 9% as a gcuid gnóthaí mar cháin, d’íocfadh daoine 9% mar cháin ioncaim phearsanta agus d’íocfaí 9% mar cháin náisiúnta ar dhíolacháin. Go déanach sa bhliain 2011, chuir beirt bhan mí-iompar gnéasach ina leith.[1] Ar an 3 Nollaig 2011, i ndiaidh titim dó sna pobalbhreitheanna, chuir Herman Cain a fheachtas uachtaránachta ar ceal.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |