Arthur Miller
Údar agus drámadóir Meiriceánach ba ea Arthur Asher Miller (17 Deireadh Fómhair, 1915 – 10 Feabhra, 2005). Fathach de chuid litríocht agus saol intleachtúil na Stát Aontaithe, gníomhach níos mó ná seasca bliain, agus ar na drámadóirí is fearr dár tháinig as an tír sin riamh. Samplaí de na drámaí cáiliúla a scríobh sé iad The Crucible, A View from the Bridge, All My Sons agus Death of a Salesman. Bronnadh a lán duaiseanna ar Miller i rith a shaoil, mar shampla an Duais Pulitzer sa Litríocht.
Saol
cuir in eagarSaolaíodh Arthur Miller i Harlem, i gCathair Nua-Eabhrac ar 17 Deireadh Fómhair 1915. Bhí sé ar an dara mac dár rugadh d'Isidore agus Augusta Miller, ar Ghiúdaigh de bhunadh na Polainne iad. Teaghlach meánaicme a bhí iontu. Ba gúnadóir é athair Miller agus bhí an gnó teaghlaigh sin thíos go mór leis an Spealadh Mór a tharla sa bhliain 1929. Bhog an teaghlach go háit chónaithe a bhí ní ba shaoire i mBrooklyn an bhliain sin. Aithnítear i gcoitinne go raibh tionchar mór ag an gcruachás sin ar scríbhneoireacht Miller ina dhiaidh sin.
Ní raibh a ndóthain airgid ag muintir Miller chun an fear óg a chur chun na hollscoile, rud a chiallaigh go raibh air gnáthphost a fháil tar éis dó an mheánscoil a chríochnú sa bhliain 1932. Chaith sé dhá bhliain ag sclábhaíocht i bpostanna suaracha sular éirigh leis scoláireacht a bhaint amach le haghaidh Ollscoil Michigan sa bhliain 1934, áit a ndearna sé staidéar ar iriseoireacht, chomh maith le bheith ina eagarthóir oíche ar nuachtán na mac léinn san ollscoil. Chaith sé tréimhse ag staidéar an Bhéarla chomh maith, cúrsa inar dhírigh sé ar dhrámaíocht faoi Kenneth Rowe. Chuir Miller suim ar leith i ndrámaí Ibsen le linn na tréimhse seo agus bhí tionchar ollmhór ag an drámadóir Ioruach sin ar a chuid scríbhneoireacht ón am sin i leith. Scríobh sé dhá dhráma i rith na tréimhse sin, mar atá, No Villian agus Honors at Dawn.
Mná
cuir in eagarPhós Miller trí huaire. Ba í Mary Slattery an chéad bhean chéile aige. Phós siad sa bhliain 1940 agus fuair siad colscaradh sa bhliain 1956.
Bhí clú ar Miller freisin mar gheall ar é a bheith pósta leis an aisteoir clúiteach Marilyn Monroe idir 1956 agus 1961.
Bhuail sé leis an tríú bean chéile aige, an grianghrafadóir Inge Morath, ar sheit an scannáin The Misfits. Phós siad sa bhliain 1962, tar éis dó colscaradh a fháil ó Monroe. Mhair an pósadh sin go dtí go bhfuair Inge bás sa bhliain 2002.
Bás
cuir in eagarCailleadh é i mí Feabhra 2005, 89 bliain d'aois i Rockford, Connecticut, nuair a theip ar a chroí.
Saothar
cuir in eagarDrámaí
cuir in eagar- No Villain (1936)
- Honors at Dawn ()
- The Man Who Had All the Luck ()
- All My Sons (1947)
- Death of a Salesman (1949)
- An Enemy of the People (1950)
- The Crucible (1953)
- A View From the Bridge (1955)
- Incident At Vichy ()
- The Price (1968)
- In Russian
- The Creation of the World and Other Business
- The American Clock (1980)
- A Memory of Two Mondays: Play in One Act
- Up From Paradise
- The Archbishop's Ceiling (1977)
- The Last Yankee (1991)
- Everybody Wins
- Ride Down Mount Morgan
- Broken Glass ()
- Mr. Peters' Connections
- Resurrection Blues
- Finishing the Picture (2004)
Obair eile
cuir in eagar- "The Misfits" (gearrscéal)
- I Don't Need You Anymore (gearrscéalta)
- Homely Girl: A Life (trí gearrscéal)
- Timebends (dírbheathaisnéis)
- On Politics and the Art of Acting (óráid)